Buamáil Guernica (1937)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil Guernica
Íomhá
Map
 43°19′N 2°40′W / 43.32°N 2.67°W / 43.32; -2.67
Cineálaerial bombing of a city (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana26 Aibreán 1937 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhGernika, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
TírRepublican zone (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna2,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe889 Cuir in eagar ar Wikidata


Tharla buamáil Guernica, i dTír na mBascach, ar an 26 Aibreán 1937 le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.

Scriosadh trí cheathrú den bhaile agus maraíodh na céadta (ar a laghad) ar an lá fuilteach úd,[1]

Tionchar ollmhór ag 'The tragedy of Guernica' le George Steer, sa Times of London

Thug Hitler agus Mussolini tacaíocht do na Faisistigh de chuid Franco le linn an chogaidh. D'ionsaigh na buamadóirí ón ón Aviazione Legionaria agus ón Léigiún Condor den Luftwaffe an baile Bascach, agus cuireadh turgnamh i gcrích, táithí a bhí tábhachtach le linn an Dara Cogadh Domhanda,

Samhailchomhartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Don chéad uair riamh, scriosadh cathair ón aer. Mar sin tá tábhacht shiombalach ag baint leis an ruathar buamála ar an lá úd inniu.

Rinne Picasso an múrmhaisiú Guernica mar fhreagairt ar eachtraí an 26 Aibreán agus cuireadh ar taispeáint sa Phailliún Spáinneach é.

Níl mórán den seanbhaile ársa fágtha sa lá atá inniu ann, taobh amuigh de chúpla foirgneamh mar an tseaneaglais i lár an bhaile, a sheas go dúshlánach in éadan bhuamadóirí Hitler agus Mussolini.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Ciara Nic Gabhann (EAGRÁN 73 · BEALTAINE 2007). "Buamáil Gernika: eachtra uafásach a spreag ealaíontóir chun gnímh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-04-26.