Buaf chána

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Buaf chána
Bufo marinus from Australia.JPG
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Animalia
Fíleam: Chordata
Aicme: Amphibia
Ord: Anura
Fine: Bufonidae
Géineas: Bufo
Foghéineas: Rhinella
Speiceas: B. marinus
Ainm déthéarmach
Bufo marinus
(Linnaeus, 1758)
██ Dúchasach ██ Cuirtear isteach

██ Dúchasach

██ Cuirtear isteach

Téarmaí comhchiallacha
Rhinella marinus

Tá an buaf chána (Bufo marinus) le fáil ó dhúchas i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas, ach tugadh isteach ina lán oileán san Aigéine agus i Muir Chairib í. Baineann sé le Rhinella, foghéineas den ghéineas Bufo. Síolraíonn sí go flúirseach: beirtear sceathrach aonchuail agus na mílte ubh inti. Ní bhíonn easpa bia uirthi: itear chuile shórt, idir bheo agus mharbh. D'fhéadfadh an ghnáthbhuaf chána a bheith cúig cheintiméadar ar fad agus í i mbun a méide. Bhí meáchan 2.65 cileagram sa cheann ba mhó a taifeadadh agus é 38 ceintiméadar ar fad.

Tá dúil ina béile ag an mbuaf seo agus dá bhrí sin tugadh isteach ina lán áiteanna í chun péistí díobhálacha a scrios. Tagann a gnáthainm ón gciaróg chána (Dermolepida albohirtum).

Tá faireoga nimhe sa bhuaf chána, agus is mór an baol í, mar sin, d'aon ainmhí a d'íosfadh í. Dá bhrí sin meastar gur ainmhí díobhálach í agus speiceas ionrach i gcuid mhaith de na háiteanna a bhfuil sí le fáil.

Tacsanomaíocht[athraigh | edit source]

Bhí an bhuaf chána i measc na speiceas ar thug Linnaeus cuntas orthu in Systema Naturae (1735). Bhain sé an aidiacht marinus ó léaráid leis an míoleolaí Ollannach Albertus Seba, fear a chreid go raibh an bhuaf ina cónaí ar tír agus san uisce.[1]

A large, adult cane toad, showing the light colouration that is present in some specimens of the species.
Buaf chána dathéadrom

San Astráil ní furasta an bhuaf chána a aithint thar fhroganna móra dúchasacha de na géinis Limnodynastes, Cyclorana and Mixophyes. Is féidir na froganna úd a aithint toisc nach bhfuil faireoga móra paróitideacha[2] acu agus nach bhfuil iomaire idir an polláire agus an tsúil acu.[3] Uaireanta ní aithnítear an bhuaf chána thar Fhrog Mhór na n-Uachaisí (Heleioporus australiacus) toisc go bhfuil toirt iontu araon agus cuma fhaithneach orthu; ach tá imreasc ingearánach ag an bhfrog agus inteachán airgeata (seachas órga).[4] Is féidir buafa óga agus spéicis den ghéineas Uperoleia a thógáil in ábhraíocht a chéile, ach is féidir buafa fásta a aithint toisc nach bhfuil dath geal ar an mbléin ná ar na ceathrúna.[5]

Sna Stáit Aontaithe tá cosúlacht mhór idir an bhuaf chána agus a lán spéicis eile. Is furasta í a thógáil in ábhraíocht na buaife deisceartaí (Bufo terrestris), ceann a bhfuil dhá mheall os comhair na bhfaireog paróitideach aige.[6]

Cuntas[athraigh | edit source]

Buaf chána óg. Í cosúil le buaf fhásta ar a lán slite.

Tá an-toirt sa bhuaf chána[7] agus is mó go mór an bhuaf bhaineann ná an bhuaf fhireann.[8] Is minic na cinn is mó le fáil in áiteanna nach bhfuil an oiread sin buaf ann.[9] Is féidir leo maireachtáil idir deich mbliana agus cúig bliana déag[10] agus tig leo maireachtáil i bhfad níos faide i ngéibheann – chomh fada le cúig bliana is tríocha.[11]

Tá craiceann na buaife cána tirim agus faithneach.[12] Tá iomairí air os cionn na súl agus iad ag síneadh síos an smut.[13]. Is féidir le buafa a bheith liath, i leith an bhuí, ruadhonn nó ar dhath na holóige, agus gréasa éagsúla orthu. Tá faireog mhór pharóitideach ar chúl gach súile.[14] Tá imrisc chothroma sna súile agus tá dath an óir ar na hinteacháin.[15] Níl na méara tosaigh scamallach [16] murab ionann bun mhéara na gcos.[17]

Is lú go mór an bhuaf óg ná an bhuaf fhásta, craiceann mín dorcha uirthi de ghnáth agus imir rua ann uaireanta. Ní mór iad faireoga paróitideacha na buaife óige, agus dá bhrí sin is annamh méid mór nimhe iontu.

Bíonn na torbáin dubh agus beag, iad ag cloí le grinneall agus claonadh acu chun imeacht ina scuainí. Bíonn siad idir 10 mm agus 25 mm ar fad.[18]

Éiceolaíocht agus iompar[athraigh | edit source]

Tá an bhuaf chána le fail ar fhéarach agus i gcoillte, agus is breá léi áiteanna ar fhág daoine a rian orthu, ar nós claiseanna agus gairdíní.[19] Beireann sí idir 8,000 agus 25,000 ubh d’aon iarraidh, agus iad ina sreanga fada glóthaí san uisce. De ghnáth tagann na torbáin as an ubh i gceann ocht n-uaire is daichead.[20] Déantar buaifíní de na torbáin i gceann idir dhá lá dhéag agus seasca lá.

Fásann na buaifíní go tapa, rud is gá dóibh agus iad gan an chosaint atá ag buafa fásta. Meastar nach dtagann slán ach timpeall 0.5% de na buafa óga.[21][22]

I réigiúin thrópaiceacha síolraíonn an bhuaf chána ar feadh na bliana, ach i limistéir fhothrópaiceacha ní shíolraíonn sí ach i rith tréimhse níos teo mar an séasúr fliuch. [23] Tig leis an mbuaf teacht slán agus neart uisce caillte aici, rud a chuidíonn léi maireachtáil lasmuigh de na réigiúin thrópaiceacha.[24]

Bia[athraigh | edit source]

Dealraíonn sé gur leis na súile is mó a aimsíonn an bhuaf chána a creach, ach gur féidir léi freisin feidhm a bhaint as an mboladh chuige.[25]. Itear creimirí beaga, reiptílí, débheathaigh eile, éin, inveirteabraigh, plandaí, bia madra agus bruscar. Slogtar an chreach ina hiomláine.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Beltz, 2007.
  2. Faireoga atá suite ag bun na cluaise agus a sholáthraíonn seile.
  3. Vanderduys & Wilson, 2000.
  4. "BurrowingFrog,” Australian Museum, Giant Burrowing Frog: Wildlife of Sydney, Australian Museum: http://australianmuseum.net.au/Giant-Burrowing-Frog
  5. Barker, Grigg & Tyler, 1995, lch 381.
  6. Brandt & Mazzotti, 2005, lch 3.
  7. Robinson, 1998
  8. Lee, 2001, lch 928
  9. Tyler, 1989, lch 117
  10. Tyler, 1989, lch 118
  11. Grenard, 2007, lch 55
  12. Robinson, 1998
  13. Vanderduys, Eric, 2000
  14. Robinson, 1998
  15. "BurrowingFrog”, Australian Museum
  16. Robinson, 1998
  17. Cameron, 2009
  18. ”BufoMarinus": Invasive Species Specialist Group, 2006
  19. Lever, 2001, lch 3
  20. Tyler, 1989, lch 116
  21. Tyler, 1989, lch 117
  22. Anstis, 2002, lch 274
  23. Lever, 2001, lch 6
  24. Tyler, 1989, lch 119
  25. Lever, 2001, lch 10.

Féach freisin[athraigh | edit source]

  • Anstis, M. (2002). Tadpoles of South-Eastern Australia: A Guide with Keys. Reed New Holland. ISBN 1-876334-63-0
  • Lever, Christopher (2001). The Cane Toad. The history and ecology of a successful colonist. Westbury Publishing. ISBN 1-84103-006-6
  • Robinson , Martyn (1998). A field guide to frogs of Australia: from Port Augusta to Fraser Island including Tasmania. Reed New Holland. ISBN 1-876-33483-3
  • Tyler, Michael J.; Wassersug, Richard; Smith, Benjamin (2007). 'How frogs and humans interact: Influences beyond habitat destruction, epidemics and global warming.' Applied Herpetology, Volume 4, Number 1

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]