Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tugtar Briseadh an Droma Mhóir mar ainm ar cath a troideadh le linn Chogadh an Dá Rí in Éirinn ar an 14 Márta, 1689. Troideadh an cath idir trúpaí Seacaibíteacha faoi Richard Hamilton agus na hUilliamaítigh (nó Clann Bhullaín). Bheadh an chuid is mó de na trúpaí Seacaibíteacha ina gCaitlicigh agus Protastúnaigh a bheadh sna hUilliamaítigh. Bhi an comhrac ar siúl in aice leis an Droim Mór, Contae an Dúin agus ruaigeadh na nUilliamaíteach agus na Seacaibítigh ag fáil an lámh in uachtar in oirthear Uladh a bhí mar thoradh sealadach air. De réir dealraibh, níor chuir na hUilliamaítigh friotaíocht mhór ar bun in aghaidh na Seacaibíteach agus níor bhfada go raibh orthu teitheadh.