Brian Kerr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Traenálaí peile Éireannach is ea Brian Kerr a rugadh i nDroimneach i mBaile Átha Cliath ar 5 Márta 1953. Ba é Kerr traenálaí fhoireann sacair na hÉireann idir na blianta 2003 agus 2005. Ar 6 Aibreán 2009, ceapadh mar thraenálaí nua fhoireann sacair Oileáin Fharó é. Ar 9 Meán Fómhair, 2009, d'éirigh le Kerr a chéad chluiche a bhuachan mar thraenálaí Oileáin Fharó 2 - 1 in aghaidh na Liotuáine - an chéad bhua a bhí ag an bhfoireann i gcluiche cáilithe ón mbliain 2001.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.