Brian Stowell
(2015) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en-gb) Thomas Brian Stowell 6 Meán Fómhair 1936 Doolish, Oileán Mhanann |
Bás | 18 Eanáir 2019 82 bliana d'aois Doolish, Oileán Mhanann |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Learphoill |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, docent, pearsa raidió, fisiceoir |
Teangacha | Béarla, Gaeilge Mhanann agus an Ghaeilge |
Duine de phríomhghníomhaithe athbheochan na Manainnise ab ea Brian Stowell (6 Meán Fómhair 1936 – 18 Eanáir 2019). Rugadh in Doolish, Oileán Mhanann é. Craoltóir, teangeolaí, agus scríbhneoir Manainnise ab ea é. Nuair a bhí sé ina mhac léinn óg, bhain sé líofacht sa Mhanainnis amach, agus rinne sé téipthaifeadtaí ar chaint na gcainteoirí deireanacha dúchais. D'fhoghlaim sé Gaeilge na hÉireann freisin, agus d'aistrigh sé áiseanna teagaisc ón teanga sin go Manainnis. Nuair a tháinig Raidió Mhanann ar an bhfód, bhí an-pháirt aige i bhforbairt an chraolacháin san oileán.
Ar Lá Tinvaal 2010, bhronn an Tinvaal (Dáil Mhanann) a Onóracha ar Stowell — an t-aitheantas is airde is féidir le stát Mhanann a thabhairt d'aon duine.
D'aistrigh sé leabhar dar teideal Reks Carlo ayns Mannin, scéal bleachtaireachta faoi Réics Carló, go Manainnis. Sa bhliain 1990, d'fhoilsigh Stowell leagan Manainnise d'Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas, Contoyryssyn Ealish ayns Çheer ny Yindyssyn. Eisean a chum an chéad bhun-úrscéal sa teanga riamh freisin, Dunveryssyn yn Tooder-Folley ("Dúnmharuithe an tSúmaire Fola"), a cuireadh i gcló sa bhliain 2006.