Brian Stowell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBrian Stowell

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en-gb) Thomas Brian Stowell
6 Meán Fómhair 1936
Dúglas, Oileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Eanáir 2019
82 bliana d'aois
Dúglas, Oileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Learphoill Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, docent, pearsa raidió, fisiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, Gaeilge Mhanann agus an Ghaeilge

Duine de phríomhghníomhaithe athbheochana na Manainnise é Brian Stowell (6 Meán Fómhair 193618 Eanáir 2019). Rugadh i nDúghlais, Oileán Mhanann, é. Craoltóir, teangeolaí agus scríbhneoir Manainnise é. Nuair a bhí sé ina mhac léinn óg, bhain sé amach líofacht sa Mhanainnis, agus rinne sé téipthaifeadtaí ar chaint na gcainteoirí deireanacha dúchais. D'fhoghlaim sé Gaeilge na hÉireann freisin, agus d'aistrigh sé áiseanna teagaisc ón teanga sin go Manainnis. Nuair a tháinig Raidió Mhanann ar an bhfód, bhí an-pháirt aige i bhforbairt an chraolacháin san oileán.

Ar Lá Tinvaal 2010, bhronn an Tinvaal, nó Dáil Mhanann, a Onóracha ar Stowell - an t-aitheantas is airde is féidir le stát Mhanann a thabhairt d'aon duine.

D'aistrigh sé leabhar dar teideal Reks Carlo ayns Mannin, scéal bleachtaireachta faoi Réics Carló, go Manainnis. Sa bhliain 1990, d'fhoilsigh Stowell leagan Manainnise d'Eachtraí Éilíse i dTír na nIontas, Contoyryssyn Ealish ayns Çheer ny Yindyssyn. Eisean a chum an chéad bhun-úrscéal sa teanga riamh freisin, Dunveryssyn yn Tooder-Folley ("Dúnmharuithe an tSúmaire"), a tháinig i gcló sa bhliain 2006.