Brega

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ríocht Ghaelach na meánaoise ba ea Breá (Sean-Ghaeilge Brega), suite in oirthear na tíre. Cuid de mhuintir Uí Néill a bhí ann, Síol Aodha Sláine d'Uí Néill an Deisceart.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainmnithe as Magh Breá[1] a bhí an dream agus a ríocht.

Tíreolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ríocht Bhreá suite i chontaetha na Mí, agus Baile Átha Cliath mar atá inniu ann. Teoranta a bhí sí ag Muir Éireann san oirthear, an Life sa deisceart, agus ó thuaidh trasna na Bóinne go dtí Sliabh Breagha the i ndeisceart an Lú. Is dócha gur luaineach í an teorainn thiar, idir Breá agus Ríocht na Mí, agus ní fios í go cruinn.[2][3]

Laistigh de Bhreá bhíodh Teamhair, suíomh insealbhaithe Ard-Ríthe na hÉireann.

Ionghabháil agus críochdheighilt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ionghabhadh Breá sa 6ú haois ag Uí Néill. Faoi lár na 8ú haoise, bhí an Síol Aodha Sláine scartha as a chéil in dhá leath ar an naimhdeas: Deisceart Breá nó ríocht Loch Gabhair, faoi cheannas Uí Chearnaigh; agus Tuaisceart Breá, nó ríocht Cnogba, faoi cheannas Uí Chonaing. In ainneoin na críochdheighilte úd, bhíodh go leor ríhe i gceannas sa dá cheantar.

Ag druidim leis an deireadh, bhí Breá faoi bhagairt na Lochlannach agus Ríocht Bhaile Átha Cliath ag teacht chun cinn, agus thit an tíocht faoi ardfhlaitheas na Mí. Nuair a roinneadh ríocth na Mí sa dara haois déag le linn Ionradh na Normannach, thit codanna de Bhreá faoi cheannas Bhréife agus na Laigean.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • J.H. Moore, Notices of the town of Navan I, in Journal of the Royal Society of Antiquarians of Ireland 23, 1893, ll. 55–63 (codanna II agus III, in JRSAI 1894 agus 1895)
  • Eoin MacNeill, Colonisation under early kings of Tara, Journal of the Galway Archaeological and Historical Society 16/3-4, 1935, ll. 101–24.
  • S. Ma na Midhe, Some notes on Navan, ancient and modern, Riocht na Midhe 1/1, 1955, ll. 53–60
  • Byrne, Francis John, Historical note on Cnogba, in Excavations at Knowth, Co. Meath, 1962–65 (George Eogan eag.), Proc. ARÉ C 66, ll. 383–400; Irish Kings and High-Kings, Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8; A note on Trim and Sletty, Peritia 3, ll. 316–19
  • D. Ó Murchadha, Odhbha and Navan, Riocht na Midhe 8/4, 1992–93, ll. 112–23
  • Thomas Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, 2000. ISBN 0-521-36395-0
  • Mark Clinton, Settlement Dynamics in Co. Meath:the Kingdom of Loegaire, Peritia 14, ll. 372–401, 2000
  • Ailbhe Mac Shamhráin, Church and dynasty in Early Christian Brega: Lusk, Inis Pátraic and the cast of Máel-Finnia, king and saint, Table 8.1, Lineages of Síl nÁedo Sláine, lch. 127; in The Island of St Patrick: Church and ruling dynasties in Fingal and Meath, 400–1148, (eag.) Mac Samhráin, Four Courts, 2004.
  • Edel Bhreathnach, The Medieval Kingdom of Brega in The Kingship and Landscape of Tara, eag. Edel Bhreathnach, Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2005
  • Leabhar Laighneach, Flann Mainistrech: "Síl Aeda Sláne Na Sleg" at CELT.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Magh Breá ar logainm.ie
  2. T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland (2000), lch. 15
  3. James Henthorn Todd, Cogad Gáedel re Gallaib (1867), lch. L.

Categóir:Gaeil