Bobby Robson
Fear spóirt Sasanach ab ea é Sir Robert William "Bobby" Robson CBE (18 Feabhra 1933 – 31 Iúil 2009). D'imir sé sacar leis na foirne Sasanacha Fulham agus West Bromwich Albion, agus ansin chaith sé tamall beag ag imirt le Vancouver i gCeanada. D'imir sé fiche cluiche le foireann náisiúnta Shasana chomh maith, ag aimsiú ceithre chúl. Chuaigh Robson isteach sa bhainisteoireacht tar éis dó a bheith éirithe as an imirt, ag obair le foirne móra i Sasana agus san Eoraip. Roghnaíodh é mar bhainisteoir ar fhoireann náisiúnta Shasana sa bhliain 1982, agus shroich sé an Corn Domhanda leo sna blianta 1986 agus 1990.
An post deireanach a bhí aige ná mar "chomhairleoir speisialta" le foireann náisiúnta Phoblacht na hÉireann, ag tabhairt tacaíocht don bhainisteoir Steve Staunton.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.