Biolar uisce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda crua leathuisciúil ilbhliantúil, Eorpach is Áiseach, a fhásann in uisce nó gar dó. An gas folamh dreaptha fréamhach, na bláthanna beag bán crosfhoirmeach. Á shaothrú ón 19ú céad. Tá sé lán de vitimín C, agus baintear feidhm as a dhuilleoga géara mar tharsann is i sailéid. Á ithe in Éirinn leis na céadta bliain.