Bernadette Nic an tSaoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBernadette Nic an tSaoir
Beathaisnéis
BreithCorcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Is file agus aistritheoir Corcaíoch í Bernadette Nic an tSaoir. Tógadh í i Leaca Rua agus i mBaile na mBocht i gCorcaigh. Múinteoir gairmoideachais ab ea í i gCill Chainnigh ar feadh blianta fada ach d'fhill sí ar Gharrán na mBráthar ar an taobh ó thuaidh den chathair ina dhiaidh sin.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag obair mar aistritheoir, mar eagarthóir agus ag scríobh a bhíonn sí. Tá leabhair filíochta dá cuid foilsithe ag CoiscéimLusanna Gréine (2005), I gCistin Dé (2008), Ór ar Chrann (2011), Cathair mar a Tuairisc agus póirsí eile (2013), Ar Faonoscailt, 2015[1], Súil le Muir in 2018 agus Ar an mBóthar mór, 2021 – mar aon le haistriúcháin ar dhánta Béarla leis an bhfile Helen Dwyer dar teideal Faire a d'fhoilsigh Lapwing sa bhliain 2010.

D'fhoilsigh Leabhar Breac Kíor Thuathail,[2] leagan Gaeilge de Total Khéops le Jean-Claude Izzo sa bhliain 2017, agus Siúrmó[3] sa bhliain 2023.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhair filíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Lusanna na gréine, 2005
  • I gcistin Dé, 2008
  • Ór ar chrann, 2011
  • Cathair mar a tuairisc: agus póirsí eile, 2013
  • Ar Faonoscailt, 2015[1][4]
  • Súil le muir : bíonn súil le muir ach ní bhíonn súil le huaigh, 2018
  • Ar an mBóthar mór, 2021[5]

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Ar Faonoscailt le Bernadette Nic an tSaoir". coisceim.ie. Dáta rochtana: 2023-07-28.
  2. 2.0 2.1 "Kíor Thuathail" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2023-07-28.
  3. 3.0 3.1 "Siúrmó - Leabhar Breac - Scéinséir" (ga-IE). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2023-07-28.
  4. léirmheas, Feasta, Meitheamh 2017
  5. "Ar an mBóthar Mór le Bernadette Nic an tSaoir". coisceim.ie. Dáta rochtana: 2023-07-28.
  6. "Duilliúr Fómhair by Domhnall Mac Síthigh (read by Bernadette Nic an tSaoir)" (as ga-IE) .