Barócach (ceol)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Barócach

Tréimhse i stair an cheoil thart ar 1580-1730. De réir a chéile, cuireadh tonúlacht in ionad módúlachta, méadaíodh ar mhaisiú séiseach, saibhríodh an armóin le crómatacht, tugadh breis suntasachta do cheol gléis, agus cruthaíodh ceolfhoirne. Cuireadh bunús faoi shaghsanna nua ceoil: ceoldrámaíocht, oratóir, cantáid, sonáid is coinséartó. Tháinig cumadóirí cumasacha chun cinn freisin: Bach, Handel, Monteverdi, Purcell, agus Vivaldi.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Barócach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 63.