Cantáid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is cantáid ann ná ceol a chantar agus a ghlac foirmeacha éagsúla thar na céadta. Véarsaí neamheaglasta (grá, de ghnáth) a bhíodh i gcantáidí aonair na hIodáile sa 17ú-18ú céad, le háiria is reacaireacht i ndiaidh a chéile.

Ba chumadóireacht eaglasta na cantáidí Liútaracha i comhair ceoltóra aonair, córlainne is gléasanna (mar shampla, cantáidí Bach). Níos déanaí léiríodh is léirítear candáidí, eaglasta nó neamheaglasta, mar shaothair córlainne is ceolfhoirne, uaireanta le ceoltóirí aonair. Go minic is cumadóireachtaí féile nó cuimhneacháin iad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cantáid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 114.