Arm tine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ainm ginearálta ar airm bheaga, ó phiostail go raidhflí. Thosaigh forbairt na n-arm iniompartha seo sa 14ú céad leis an gcanóin, a phrímeáltaí le púdar gunna, a bhí trom ach iniompartha, ach a d'adhnadh oibreoir eile le lasair. Rinne an t-arcabas is an raon stiúrach an phrímeáil a uathoibriú is a shimpliú ina dhiaidh sin, ach bhí gá le lasair fós chun an gunna a scaoileadh. Tháinig an gunna cloch thine chun foirfeachta sa 18ú céad le luamhán, ualaithe le lingeán, chun greim a choimeád ar an gcloch thine chun spréach a dhéanamh leis an lucht tiomáinteach a adhaint. Mar thoradh air seo, tháinig piostail is muscaeid in úsáid go forleathan sa chogaíocht. Tháinig an glas buailte, a d'úsáid casúr ar lucht féinchoinnithe i mbairille an ghunna, chun cinn sa 19ú céad. Sa 20ú céad rinneadh an-chuid forbairtí ar dhearadh is ábhair déanta na ngunnaí, agus tháinig airm tine le scaoileadh marthanach uathoibríoch chun cinn. Faoi seo tá tíortha is cathracha ar fud an Domhain buartha go mór faoi úsáid mharfach neamhdhleathach gunnaí ar na sráideanna.