Púdar gunna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An t-ábhar pléascach is seanda dá bhfuil ann. Meascán sulfair, gualaigh is sailpítir (nítear nó níotráit photaisiam). Fionnadh sa tSín sa 9ú céad é, agus bhí gunnaí ag na Sínigh faoi 900, roicéid is gránáidí faoi 1042, canónacha faoi 1259. Baineadh úsáid as san Eoraip i 1325. Raon airíonna ag meascáin éagsúla púdar gunna, ag brath ar a bhfoirmliú is a ngránúchán. An príomhphléascán míleata go dtí déanach sa 19ú céad, agus luachmhar fós mar phrímeálaí nó aidhnín is i bpiriteicnic.