Uathoibriú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próiseas teicniúil a rialú gan idirghabháil dhaonna chun cinntí a dhéanamh. Aisfhothaítear eolas ar thoradh oibríochta chun an chéad oibríocht eile a rialú. Córas mar seo is ea an téamh lárnach: is braiteoir an teirmeastat a chuireann eolas ar ais don téitheoir, a mhionathraíonn go huathoibríoch, ag lascadh is ag múchadh de réir mar is gá. Is uirlisí cumasacha uathoibrithe na ríomhairí a dhéanann rialú tapa ar chórais fhorleathana choimpléascacha a bheadh an-deacair am-íditheach do dhaoine. Sampla ríthábhachtach eile is ea an píolóta uathoibríoch ar eitleán, a thugann faoiseamh don phíolóta ar eitiltí idirilchríocha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Uathoibriú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 686.