Anord

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Anord

Réimse taighde atá cuibheasach nua ina ndéantar staidéar ar chórais neamhlíneacha. Baineann anord le fisic, ceimic, bitheolaíocht, matamaitic is innealtóireacht, agus le córais ina dtarlaíonn iompar guardalach neamhinréamhinste nó randamach. De ghnáth déanann eolaithe iarracht iompar córais a chur síos i bhfoirm gaoil línigh idir athróg neamhspleách is athróg spleách. Ní bhíonn sa ghaol líneach seo ach garmheastachán ar an bhfíorghaol, ach is leor sin go mion minic. De réir mar a éiríonn an córas níos casta, áfach, éiríonn an gaol an-neamhlíneach, agus ansin ní hionann iompar an chórais ó am go chéile, cosúil le lánsruth an uisce as sconna. Eiseamláir eile den anord is ea cúrsaí domhanda aeráide. Nuair a bhíonn anord i réim i gcóras, ní bhíonn a iompar mar an gcéanna ó am go chéile agus ní féidir an t-iompar sin a réamhinsint, le gnáthchothromóidí líneacha ar a laghad. Is é atá mar aidhm ag na taighdeoirí éagsúla ná iompar córas casta ar leith a iniúchadh is a láimhseáil ina iliomad fo-chodanna le cabhair ríomhairí, chun an t-iompar a réamhinsint. Thosaigh an staidéar nua-aoiseach ar anord le saothar an mheitéareolaí Mheiriceánaigh Edward Lorenz (1917-2008) ar chomhiompar is imshruthú san atmaisféar.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Anord". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 41.