Anaifiolacsas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Frithghníomh dian ailléirgeach a tharlaíonn do dhuine a íograíodh roimhe sin trí thadhall leis an ailléirgin. Tarlaíonn sé taobh istigh de chúpla nóiméad tar éis an nochta, agus braitheann an fhreagairt chliniciúil ar an bhfíochán a dhéanann an tadhall. Samplaí d'anaifiolacsas áitiúil is ea plúchadh, fiabhras léana, léasacha dearga tochasacha ar an gcraiceann, agus at na bhfíochán sa scornach. Má bhíonn an t-anafiolacsas dian ginearálta (turraing anafiolacsach) is féidir go dtarlóidh ionsaí tobann cársáin, le titim tobann i mbrú na fola, tnáitheadh, is b'fhéidir bás.