Aidréanailín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Hormón ie ea aidréanailín a thálann meideall na faireoige aidréiní mar fhreagairt ar strus, agus faoi chúinsí eile freisin. Tugtar eipinéifrín air sna Stáit Aontaithe. Méadaíonn sé ráta an chroí is brú fola, agus fuasclaíonn siúcra isteach sa bhfuil óna stórais san ae, athruithe a ullmhaíonn an cholainn chun frithghníomh teite nó troda. Úsáidtear mar chóir leighis é i gcásanna plúchta, taom croí is frithghníomhartha troma ailléirgeacha.