An tSean-Choraint

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cathairstát ar Chuing na Coraint ab ea an tSean-Choraint (Sean-Ghréigis:Κόρινθος,Kórinthos), an stráice cúng talún a nascann an Pheilipinéis go dtí mórthír na Gréige, timpeall leathbhealach idir an Aithin agus Sparta. Tá an chathair nua-aimseartha, an Choraint, suite thart ar 5 chiliméadar soir ó thuaidh ó na fothracha ársa. Ón bhliain 1896, tá imscrúduithe seandálaíochta córasacha ar na Tochailtí Corainteacha ar siúl ag an American School of Classical Studies at Athenstar éis cuid mhór den chathair ársa a nochtadh, agus tá gnéithe nua de sheaniarsmaí ag teacht chun solais le tochailtí a rinne an Roinn Chultúir de chuid na Gréige le déanaí.

Tá aithne mhaith ar Chorinth ag Chríostaí ó dhá litir Naomh Pól sa Tiomna Nua, [[Céad Litir Naomh Pól chuig na Corantaigh|an Chéad agus Dara Litir Naomh Pól chuig na Corantaigh. Luaitear an Choraint freisin i nGníomhartha na nAspal mar chuid de thaistealaithe misinéireachta Phóil. Chomh maith leis sin, tá sciar maith de dhara leabhar Phausanias Ἑλλάδος Περιήγησις, Hellados Periegesis (Gaeilge:Cur síos ar an nGréig) faoin Choraint.