An tSúlúis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Súlúis
(isiZulu)
Á labhairt: An Afraic Theas, An tSiombáib, An Mhaláiv, Mósaimbíc, An tSuasalainn
Réigiún: Súlúlainn, Durban, Johannesburg
Cainteoirí san Iomlán: 10 milliún (mar theanga dhúchasach), 16 milliún mar dhara teanga
Rang: 70
Líne ghinealaigh: Conga-Nígris
 Conga-Atlantais
  Conga-Voltais
   Conga-Benue
    Bantóidis
     Theas
      Bantúch Caol
       Lárnach
        S
         Nguni
          Súlúis
Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: An Afraic Theas, An tSuasalainn
Foras Pleanála Teanga: Bárdas na Teanga Súlúise
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 zu
ISO 639-2 zul
ISO 639-3 zul
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Ceann de na teangacha i gcraobh Nguni na dteangacha Bantúcha í an tSúlúis, nó isiZulu, mar a deir lucht labhartha na teanga féin. Tá sí ó dhúchas ag deich milliún duine, an chuid is mó acu san Afraic Theas, go háirithe i gCúige KwaZulu-Natal. Glactar leis, áfach, go bhfuil duine as gach beirt san Afraic Theas in ann adhmad éigin a bhaint as caint Súlúise. Sa bhliain 1994, bronnadh stádas oifigiúil ar an tSúlúis san Afraic Theas in éineacht le deich dteanga eile.

Tá an tSúlúis ar an dara ceann is mó a labhraítear de na teangacha Bantúcha. Níl ach an teanga Shona, príomhtheanga na Siombáibe, níos mó ná an tSúlúis ó thaobh líon na gcainteoirí de. Leis na litreacha Laidineacha a scríobhtar an tSúlúis, agus cosúil leis na teangacha Bantúcha eile san Afraic Theas, bhí sí go mór mór faoi thionchar na teanga Xhosa.

Tá an tSúlúis réasúnta cosúil leis na teangacha Bantúcha eile, is é sin, tá réimír rangúcháin i dtús gach ainmfhocal, agus cuirtear an réimír chéanna leis na haidiachtaí agus na foirmeacha briathair atá faoi réir an ainmfhocail san abairt:

Bonke abantu abaqatha basepulazini bayagawula.
"Tá fir láidire na feirme go léir amuigh ag leagan crann."
(Is é abantu (na fir, na daoine) an t-ainmfhocal, agus aba (nó ba, b ag cineálacha áirithe focal) an réimír.)
An tSúlúis
Vicipéid le fáil as An tSúlúis freisin