An Chóisis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Xhosa)
Infotaula de llenguaAn Chóisis
isiXhosa
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais8,177,300 (2011)
Á labhairtWestern Cape (en) Aistrigh agus Eastern Cape (en) Aistrigh
Dúchasach doXhosa people (en) Aistrigh, Quthing District (en) Aistrigh, Qacha's Nek District (en) Aistrigh, Eastern Cape (en) Aistrigh, an Saorstát Oráisteach, Rinn Thuaidh agus KwaZulu-Natal
Stáitan Afraic Theas, an tSiombáib agus Leosóta
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Nígir-Congó
teangacha Atlantach-Congó
teangacha Volta-Congó
teangacha Benue-Congó
teangacha Bantóideacha
teangacha Bantóideacha Deisceartacha
teangacha Bantúcha
teangacha Bantúcha Oirthearacha
Southern Bantu (en) Aistrigh
Nguni (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaithePan South African Language Board (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1xh
ISO 639-2xho
ISO 639-3xho
Glottologxhos1239
Linguasphere99-AUT-fa
Ethnologuexho
ASCL9237
IETFxh

Ceann de theangacha oifigiúla na hAfraice Theas is ea an teanga Xhosa nó an Chóisis. Tá sí ó dhúchas ag 7.9 milliúin duine, thart ar 18% de dhaonra na tíre sin. Ceann de na teangacha Bantúcha í, ach fuair sí na smeach-chonsain ar iasacht ó na teangacha Khoisan, nach bhfuil gaolmhar léi. Tá consan den chineál seo i dtús ainm na teanga féin: [kǁʰoːsa]. Cosúil lena lán teangacha Bantúcha eile, is teanga thonúil í an teanga Xhosa, is é sin, is féidir athchiall an fhocail a chur in iúl trí mhalairt ton a chur leis. Baineann sí leis an bhfoghrúpa Bantúch ar a dtugtar Nguni, agus í intuigthe ag cainteoirí na dteangacha Nguni eile, cosúil leis an tSúlúis, an teanga Swati agus an teanga Ndebele Thuaidh.

Le bheith beacht, ní thagraíonn an focal sin Xhosa don teanga amháin ach do lucht a labhartha freisin. Úsáideann an teanga Xhosa le córas réimíreanna le cur in iúl cé acu atá i gceist: ciallaíonn amaXhosa lucht labhartha na teanga, ach is í isiXhosa ainm na teanga féin. Cuid é seo den chóras aicmiúcháin a bhfuil a leithéid le fáil sna teangacha Bantúcha go léir.

Tháinig an chéad aistriúchán Bíobla i gcló as Xhosa sa bhliain 1859, agus ó sin i leith, d'fhorbair litríocht bheo nua-aimseartha sa teanga. Mar sin féin, is féidir a rá nach bhfuil mórán measa ag lucht a labhartha féin uirthi inniu, nó i laethanta na cinedheighilte, chuaigh na húdaráis i dtuilleamaí na dteangacha dúchasacha leis an mBéarla, an saol mór agus an t-ardoideachas a choinneáil as aice láimhe na nGormach. Inniu, is fearr le lucht labhartha na teanga Xhosa an t-ardoideachas a tharraingt orthu trí mheán an Bhéarla.

Cainteoirí aithnidiúla dúchais iad Nelson Mandela agus Miriam Makeba.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]