An Mhucais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Mhucais
Íomhá
CineálSliabh Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie111301 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Dhún na nGall, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 55°06′20″N 7°59′40″W / 55.1056°N 7.9945°W / 55.1056; -7.9945
SliabhraonSléibhte Dhoire Bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige666 m Cuir in eagar ar Wikidata
Starraiceacht thopagrafach522 m Cuir in eagar ar Wikidata

Is sliabh suite i gContae Dhún na nGall í An Mhucais[1] . Tá airde 666m aige; mar sin, is é an 3ú sliabh is airde i gSléibhte Dhoire Bheatha, agus an 163ú sliabh is airde in Éirinn.[2] Is í an Mhucais freisin an sliabh is faide ó thuaidh agus an 2ú is airde sa sliabhraon ar a dtugtar Na Seacht Deirfiúracha.

Forbhreathnú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhaintí gaineamh grianchloiche ar ardchaighdeán as cliatháin an tsléibhe; feictear iarsmaí na n-oibreacha cairéil ar a taobh thuaidh.[2] Is bealach chun bharr an tsléibhe é 'Bealach an Mhianadóra', bealach a leanann cuid den chosán a d'úsáideadh na hoibrithe chun na cairéil a bhaint amach. D'onnmhairítí an gaineamh agus d'úsáidtí é den chuid is mó i ndéantas na gloine optúla. Tosaíonn slí níos fusa chun na stuaice i Mám na Mucaise ar thaobh theas an tsléibhe.

Droichead na nDeor. Droichead beag déanta as cloch liath, atá ag tabhairt bealach thar srutháin. Tá sé suite ar phortach, agus tá bun sléibhe - an Mhucais - le feiceáil sa gharchúlra
Droichead na nDeor, agus bun na Mucaise le feiceáil sa chúlra
Leac cuimhneacháin do na himircigh a d'fhág Cloch Cheann Fhaola thar Dhroichead na nDeor. Is éard atá mar scríbhinn air ná: "Fad leis seo a thagadh cairde agus lucht gaoil an té a bhí ag imeacht chun na coigrithe. B'anseo an scaradh. Seo Droichead na nDeor." sa chló thraidisiúnta.
Leac cuimhneacháin do na himircigh a d'fhág Cloch Cheann Fhaola thar Dhroichead na nDeor.

Is iad an Fál Carrach, Dún Fionnachaidh, an Craoslach, agus Maigh Ráithe na bailte is cóngaraí leis an Mhucais. Is ar thaobh an Fháil Charraigh atá Mám na Mucaise, áit a bhfuil Droichead na nDeor, droichead a ainmníodh amhlaidh mar gur thrasnaigh na mílte eisimirceach as Chloch Cheann Fhaola an droichead seo agus iad ar a mbealach chun an tír a fhágáil. Ag tús na 20ú haoise, tháinig an file Percy French chun an cheantair, áit ar obair sé mar chigire caidhséar[3], agus le linn dó a bheith ag fanacht in óstán san Fhál Charrach, scríobh sé an dán "An Irish Mother" (Máthair Éireannach).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. An Mhucais/Muckish Mountain | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. 2.0 2.1 "Muckish 667.1m mountain, Donegal NW Derryveagh Mountains Ireland at MountainViews.ie". mountainviews.ie. Dáta rochtana: 2018-07-23.
  3. Cowley, Pat.; Ronayne, Liam. (1998). "The Donegal Highlands". Donaghadee [Co. Down], Northern Ireland: Cottage Publications. OCLC 41500168.