An Líonra Chun an Éagsúlacht Teangacha a Chur Chun Cinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Líonra Chun an Éagsúlacht Teangacha a Chur Chun Cinn
Sonraí
Cineáleagraíocht neamhbhrabúis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh11 Meitheamh 2008
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Eile
Uimhir teileafón+32 (0) 496 286 342 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinnpld.eu Cuir in eagar ar Wikidata

Is líonra tras-Eorpach é an Líonra Chun an Éagsúlacht Teangacha a Chur Chun Cinn (Béarla: Network to Promote Linguistic Diversity - NPLD) a chuimsíonn rialtais náisiúnta agus réigiúnacha, eagraíochtaí stáit agus pobail agus taighdeoirí a oibríonn ar an bpolasaí ar son teangacha réigiúnacha agus mionlaigh.

Eagraíonn siad comhdhálacha agus déanann siad obair i réimse na pleanála teanga agus an bheartais teanga. Soláthar seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta i bpobail ilteangacha ba ea an téama a bhí ag comhdháil amháin dá gcuid sa bhliain 2023 a d’eagraigh an mionlach Sualainnise san Fhionlainn. Chualathas léachtaí ó shaineolaithe ar chúrsaí sláinte agus cúraim in áiteanna ar nós na Breataine Bige agus Thír na mBascach agus tugadh cuairt ar ollscoil agus ar ospidéal ina ndéantar freastal ar an mionlach Sualainnise. Tá ballraíocht iomlán ag Foras na Gaeilge ann.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]