An Bhalúcastáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Bhalúcastáin

Is í an Bhalúcastáin an cúige is mó de réir limistéar geografach sa Phacastáin, a chomhdhéanann thart ar 48% d'achar iomlán na tíre, sé sin, 40% den tír. Thug an daonáireamh sa bhliain 1998 le fios go raibh daonra de thart ar 6.5 milliún aici. Tá an Bhalúcastáin níos boichte agus tá a dhaonra níos ísle ná an chuid eile den Phacastáin.

San iarthar, tá teorainn aici leis an Iaráin, san tuaisceart leis an Afganastáin agus leis an Sarhad ( Béarla: The North-West Frontier Province), san oirthear leis an Phuinseáib agus leis an Sind. Ó dheas tá teorainn aici leis an Mhuir Arabach. Is iad na teangacha is mó sa chúige ná an Bhalúcais(بلوچی), an Bhrahuis(بروہی), an Phaistis( پښتو) agus an tSindis(سنڌي ). Is í Quetta (Paistis: ,کوټه Urdais: کوئٹہ) a príomhchathair agus an t-aonú cathair atá aici, tá a bhailte agus a sráidbhailte eile tearcfhorbartha. Is iad na Balúchaigh agus na Paistigh an dhá ghrúpa eitneach is mór; tá an tríú grúpa ann freisin, grúpa eitneach atá measctha, is Sindigh iad den chuid is mó. Tá an Bhalúchistáin saibhir in acmhainní mianraí; is é an dara soláthraí is mór, i ndiaidh na Sinde, de gháis nádúrtha.