Jump to content

An tSúlúis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn tSúlúis
isiZulu

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais12,100,000 (2019)
Dúchasach doGauteng (en) Aistrigh, Mpumalanga (en) Aistrigh agus KwaZulu-Natal
StáitLeosóta, Poblacht Mhósaimbíc agus an Afraic Theas
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Nígir-Congó
teangacha Atlantach-Congó
teangacha Volta-Congó
teangacha Benue-Congó
teangacha Bantóideacha
teangacha Bantóideacha Deisceartacha
teangacha Bantúcha
teangacha Bantúcha Oirthearacha
Southern Bantu (en) Aistrigh
Nguni (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaithePan South African Language Board (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1zu
ISO 639-2zul
ISO 639-3zul
Glottologzulu1248
Linguasphere99-AUT-fg
Ethnologuezul
ASCL9213
IETFzu

Ceann de na teangacha i gcraobh Nguni na dteangacha Bantúcha í an tSúlúis, nó isiZulu, mar a deir lucht labhartha na teanga féin. Tá sí ó dhúchas ag deich milliún duine, an chuid is mó acu san Afraic Theas, go háirithe i gCúige KwaZulu-Natal. Glactar leis, áfach, go bhfuil duine as gach beirt san Afraic Theas in ann adhmad éigin a bhaint as caint Súlúise. Sa bhliain 1994, bronnadh stádas oifigiúil ar an tSúlúis san Afraic Theas in éineacht le deich dteanga eile.

Tá an tSúlúis ar an dara ceann is mó a labhraítear de na teangacha Bantúcha. Níl ach an teanga Shona, príomhtheanga na Siombáibe, níos mó ná an tSúlúis ó thaobh líon na gcainteoirí de. Leis na litreacha Laidineacha a scríobhtar an tSúlúis, agus cosúil leis na teangacha Bantúcha eile san Afraic Theas, bhí sí go mór mór faoi thionchar na teanga Xhosa.

Tá an tSúlúis réasúnta cosúil leis na teangacha Bantúcha eile, is é sin, tá réimír rangúcháin i dtús gach ainmfhocal, agus cuirtear an réimír chéanna leis na haidiachtaí agus na foirmeacha briathair atá faoi réir an ainmfhocail san abairt:

Bonke abantu abaqatha basepulazini bayagawula.
"Tá fir láidre na feirme go léir amuigh ag leagan crann."
(Is é abantu (na fir, na daoine) an t-ainmfhocal, agus aba (nó ba, b ag cineálacha áirithe focal) an réimír.)