Amairillid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bleib mhór atá dúchasach do Mheiriceá trópaiceach. Suas le 75 speiceas ann. Na bláthanna trumpa-chruthach spréite, suas le 15 cm ar fhad, i gcuid mhaith dathanna, 1-10 bláth (2-4 cinn de ghnáth) ar ghas cuasach amháin, ag teacht amach san earrach roimh na duilleoga beiltchruthacha. Is hibridí coimpléascacha an chuid is mó de na plandaí gairdín, agus iolraítear iad trí dheighilt na bleibe. Ní hionann an planda seo agus lus mór na coille.