Alison Krauss

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alison Krauss
Alison Krauss MerleFest 2007 01.jpg
Alison Krauss sa bhliain 2007
Rugadh 23 Iúil, 1971
Náisiúntacht Meiriceánach
Gairm Ceoltóir
Seánra(í) ceoil Bluegrass, Newgrass, ceol tuaithe
Lipéad/lipéid Rounder
Gaolta le Union Station
Suíomh gréasáin alisonkrauss.com

Is amhránaí, cumadóir agus veidhleadóir Meiriceánach í Alison Maria Krauss. Rugadh ar an 23 Iúil 1971 i nDecatur, Illinois í, ach tógadh í i gcathair Champaign, Illinois.

Thosaigh Alison Krauss ag seinnt ar an veidhlín nuair a bhí sí cúig bhliain d'aois. Ghlac sí páirt i gcomórtais eagsúla agus go leor féilte cheoil nuair a bhí sí ina déagóir. Bhuail sí ag an am lena daoine ón grúpa Union Station ar na féilte sin agus thosaigh siad ag casadh ceoil ar nós Bluegrass agus ceol tuaithe le chéile. Thosaigh Alison Krauss ag obair ar cheol scannáin sa bhliain 1992 agus ghlac sí páirt i go leor scannáin, m.sh. Twister (1996), O Brother, Where Art Thou? (2000) agus Cold Mountain sa bhliain 2003. Chasadh sí ar feadh na blianta minic go leor le ceoltóirí eile, m.sh. Shania Twain, Sting, Elvis CostelloThe Chieftains. D'eisigh sí an t-albam fíor-rathúil Raising Sand in éineacht le Robert Plant (Led Zeppelin) agus T-Bone Burnett mar léiritheoir sa bhliain 2007.

Bhí Alison Krauss pósta le Pat Bergeson idir 1997 agus 2001 agus tá mac amháin acu. Tá neart duaiseanna éagsúla buaite aici, ina measc 27 gradam ceoil Grammy agus is í Alison Krauss an bhean a bhuaigh an gradam seo is minice.

Alison Krauss ar an Crossroads Music Festival i Kansas City sa bhliain 2007.

Dioscliosta [athraigh]

  • Different Strokes 1985
  • Too Late to Cry 1987
  • Two Highways 1989
  • I've Got That Old Feeling 1990
  • Every Time You Say Goodbye 1992
  • I Know Who Holds Tomorrow (in éineacht leis an Cox Family) 1994
  • Now That I've Found You: A Collection 1995
  • So Long So Wrong 1997
  • Forget About It 1999
  • New Favorite 2001
  • Live 2002
  • Lonely Runs Both Ways 2004
  • Raising Sand, in éineacht le Robert Plant 2007
  • Essential Alison Krauss 2009
  • Paper Airplane, in éineacht leis an ngrúpa Union Station 2011

Naisc sheachtracha [athraigh]