Aithrí (scannán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinAithrí
Buneolas
StiúrthóirTommy Collins Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhÉire agus an Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú1 Bealtaine 2018 Cuir in eagar ar Wikidata
BunteangaBéarla
an Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt5471258 Cuir in eagar ar Wikidata


Is scannán Gaeilge é Aithrí (Béarla: Penance) a cuireadh amach ar an 1 Bealtaine 2018. Ba é Tom Collins a stiúir. Is dráma stairiúil é agus tá sé suite i gContae Dhún na nGall in 1916, agus i nDoire in 1969. [1]Peter Coonan sa phríomhpháirt mar shagart Caitliceach náisiúnach a earcaíonn buachaill go dtí an chúis, rud a thagann ina aiféala air leathchéad bliain ina dhiaidh sin.[2][3][4]

Rinneadh scannánaíocht ar Aithrí i Ráth Mealtain, Contae Dhún na nGall agus i nDoire. Is í an Ghaeilge príomhtheanga an scannáin.

Bhí sé bunaithe ar an scéal “Seacht mBua an Éirí Amach” le Pádraic Ó Conaire.

Ba iad TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann, Fís Éireann, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann, agus Section 481 a mhaoinigh an léiriúchán.[5][6]

Foireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

1916[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Peter Coonan mar an tAth. Eoin Mac Domhnaill (óg)
  • Padhraig Parkinson mar Antaine (óg)
  • Barry Barnes mar Chigire Joyce
  • Mimi Carroll mar Mairéad
  • Diona Doherty mar Ellie Nic Shiubhlaigh
  • Dara Devaney mar Pheadar

1969[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Terry Byrne mar an tAth. Eoin Mac Domhnaill (sean)
  • Gerard McSorley mar Murray
  • Barry McGovern mar Antaine (sean)
  • Corey McKinley mar Fheidhlim

Craoladh an scannán ar theilifís den chéad uair ar TG4 ar an 20 Aibreán 2019.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Manchester Irish Language Arts Festival 2018”. www.mancirishlang.org.uk.
  2. Penance (2018)”.
  3. Flynn (9 August 2019). "Historical Dictionary of Irish Cinema". Rowman & Littlefield. ISBN 9781538119587.– tríd Google Books 
  4. Clarke (28 March 2018). “Starline Boards Tom Collins' Irish Feature 'Penance' (EXCLUSIVE)”.
  5. Aithrí / Penance | The Irish Film & Television Network”. www.iftn.ie.
  6. For Your Bhreithniú” (9 Aibreán 2019).