Aesop Rock

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAesop Rock

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Meitheamh 1976
47 bliana d'aois
Syosset, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteAesop Rock Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bhostúin
Ollscoil Bhostúin, Coláiste na Mínealaíon
Ardscoil Northport Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmrapálaí, léiritheoir ceirníní, cumadóir, amhránaí, ceoltóir, amhránaí is scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1996 –
Ball de
SeánraAbstract hip hop (en) Aistrigh
UirlisGiotár agus ceol gutha
Lipéad ceoilDefinitive Jux
Rhymesayers Entertainment Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach

Suíomh gréasáinaesoprock.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1952454 Facebook: AesopRockWins Twitter: AesopRockWins Instagram: aesoprockwins Youtube: UCy7EBgGtHw6fHlAfc5bPAHA Bandcamp: aesoprock Spotify: 2fSaE6BXtQy0x7R7v9IOmZ iTunes: 3858833 Last fm: Aesop+Rock Musicbrainz: aba64937-3334-4c65-90a1-4e6b9d4d7ada Songkick: 707825 Discogs: 28104 Allmusic: mn0000929573 Deezer: 1260 Cuir in eagar ar Wikidata

Is rapálaí agus léiritheoir Meiriceánach as an Oileán Fada, Nua-Eabhrac é Ian Matthias Bavitz (a rugadh 5 Meitheamh 1976), nó Aesop Rock mar is fearr aithne air. Bhí sé ar thús cadhnaíochta sa rabharta ealaíontóirí hip hap ar an taobh tuathail a tháinig chun cinn go déanach sna 1990idí agus go luath sna 2000idí. Shínigh sé conradh leis an lipéad Definitive Jux go dtí go ndeachaigh an lipéad ar sos in 2010. In alt a foilsíodh in 2010, dúirt betterPropaganda gurbh é an naoú healaíontóir déag is fearr ar a liosta Top 100 Artists of the Decade.[1]

D’eisigh sé a chéad albam, Music for Earthworms, i 1997, agus Float trí bliana ina dhiaidh sin. Eisíodh Labor Days, a thríú halbam stiúideo, i Meán Fómhair 2001. Tháinig a chéad albam eile dhá bhliain ina dhiaidh sin, dar teideal Bazooka Tooth, i Meán Fómhair 2003. Eisíodh a cheathrú halbam stiúideo, None Shall Pass, i mí Lúnasa 2007. Bhí an t-amhrán teidil ar cheann de na hamhráin is mó éilimh agus is cáiliúla a bhí aige. Eisíodh a chéad albam eile, Skelethon, i mí Iúil 2012. Tháinig a sheachtú halbam, The Impossible Kid, amach i mí Aibreáin 2016, agus a ochtú halbam, Spirit World Field Guide, i mí na Samhna 2020. Eisíodh a naoú halbam, Garbology, i mí na Samhna 2021. Eisíodh Integrated Tech Solutions, a dheichiú halbam, i mí na Samhna 2023.

Bhí sé ina bhall de na grúpaí The Weathermen, Hail Mary Mallon, agus the Uncluded, agus faoi láthair is é an t-amhránaí sa dísreach Malibu Ken.

Maidir lena ainm stáitse, dúirt sé: “Fuair mé an t-ainm Aesop ó scannán ina raibh páirt agam le roinnt cairde. Ba é ainm mo charachtair agus lean an t-ainm dom. Tháinig an chuid ‘Rock’ níos déanaí ó bheith á chaitheamh isteach i rímeanna.”[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Top 100 Artists of the Decade: #19 Aesop Rock". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 Eanáir 2010.
  2. "Aesop Rock" (Márta 2002). Dáta rochtana: 20213-12-19. “I acquired the name Aesop from a movie I had acted in with some friends. It was my characters' name and it sort of stuck. The rock part came later just from throwing it in rhymes.”