Acainít

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Acainít

Planda is ea acainít ar a dtugtar dáthabha dubh freisin. Ilbhliantóg le fréamhacha tiúbracha leathdhubha, dúchasach don Eoraip is iarthar na hÁise. Bíonn na duilleoga fíor-roinnte, na bláthanna liathchorcra, le clogad i bhfoirm cochaill. Úsáidtear í mar thámhshuanach is pianmhúchán, ach tá sí an-nimhiúil mar go bhfuil alcalóidigh inti, ina measc acainítin.