Abhainn Yarra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leirscáil Abhann Yarra agus a gcraobh-aibhneacha eile

Is í Abhainn Yarra (nó Birrarung ar dtús) abhainn i lár Victoria, san Astráil. Tá Melbourne suite ar an chuid níos isle den abhainn. Tá sí thart ar 242 km ar fhad óna foinse sa Shliabhraon Yarra go dti Bá Port Phillip.

Ba iad na Wurundjeri a thug Birrarung ar an abhainn, na Bundúchasaigh a raibh ina gcónaí sa Ghleann Yarra agus cuid mór Victoria Lárnach roimh thíocht do na hEorpaigh. Ceaptar gur tháinig an t-ainm Birrarung óna focail Wurundjeri a chiallaíonn "sruthaigh go deo".