7 (uimhir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Uimhir7
Cineáluimhir phríomha, uimhir phríomha Mersenne, uimhir aiceanta, uimhir chorr, centered hexagonal number (en) Aistrigh, centered octahedral number (en) Aistrigh, uimhir heipteagánach, hexagonal pyramidal number (en) Aistrigh, Woodall number (en) Aistrigh, double Mersenne number (en) Aistrigh, Cantor number (en) Aistrigh, uimhir Mersenne, factorial prime (en) Aistrigh, slánuimhir neamhdhiúltach agus uimhir Niven Cuir in eagar ar Wikidata
Airíonna
Luach7 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhreacha eile
Uimhir RómhánachVII
Dénártha1112

Is é 7 (seacht) an uimhir nádúrtha tar éis 6 agus roimh 8.

Uimhir í a cheanglaítear leis an ádh uaireanta, agus a úsáidtear chun treisiú a chur in iúl, mar shampla "Mo sheacht mallacht ort."

Seacht na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cumhacht ar leith bainteach leis an uimhir seacht sa Ghaeilge, go háirithe, agus feictear é sa bhéaloideas agus sna nathanna cainte.

  • Tá seacht gcúraimí an tsaoil air
  • Tá seacht ngalair an tsléibhe air
  • Seacht n-iontais an domhain
  • Tá na seacht sraith ar an iomaire aige
  • Seacht dtíolacthaí an Spioraid Naoimh
  • Seacht mallacht
  • Seacht mbeannacht
  • Seacht seachaint
  • Seacht suáilce na Maighdine Muire
  • Seacht ndólás na Maighdine Muire
  • Na seacht gcinnpheacaí marfacha
  • Na seacht teampaill
  • Teampaill na seacht n-iníon
  • Na seacht síogaí
  • Seoid na seacht réalt (Bram Stoker)
  • Tá na seacht dteangacha aige
  • Seacht gcatha na Féinne
  • Na seacht mbás le pianta
  • Chuir sé na seacht ndath de féin
  • Tá a seacht ndóthain le rá acu
  • Lá na seacht síon
  • Do sheacht ndóthain le déanamh agat
  • Go mba seacht bhfearr a bheidh tú bliain ó inniu
  • Tá na seacht n-aithne agam air
  • Le cuimhne na seacht nduine, na seacht sinsear
  • Seacht máchailí an tsléibhe
  • Tá mo sheacht sáith agam
  • Na seacht saoithe
  • Na seacht seanóirí
  • Mo sheacht sinsear
  • Seacht n-uaire níos fearr
  • Mo sheacht ndícheall