Bram Stoker

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bram Stoker
Bram Stoker1.jpg
Dáta breithe 8 Samhain, 1847
  Fionnradharc, Baile Átha Cliath
Dáta báis 20 Aibreán, 1912
  Londain, Sasana
Gairm Úrscéalaí
Seánra Uafás, Ficsean rómánsach

Scríbhneoir Éireannach ab ea Abraham Stoker, (8 Samhain, 1847 - 20 Aibreán, 1912), nó Bram Stoker, mar a thugtar air de ghnáth. Scríobh sé úrscéalta agus gearrscéalta don chuid is mó, agus is é an t-úrscéal úd Dracula an leabhar is cáiliúla dár tháinig óna pheann. Lena lá féin, áfach, bhí níos mó clú air mar amharclannaí, nó bhí sé ina chúntóir phearsanta don aisteoir Shasanach Henry Irving agus ina úinéir agus ina bhainisteoir ar an amharclann úd Lyceum Theatre i Londain.

Saol[athraigh | edit source]

Rugadh Stoker i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1847. Ba iad a thuismitheoirí ná sean-Abraham Stoker ó Bhaile Átha Cliath agus an feiminí Charlotte Mathilda Blake Thornley, arbh as Béal Átha Seanaidh i gCo. Dhún na nGall di. Bhí tinneas ina leannán ar Bhram Stoker nuair a bhí sé óg, agus é ag coimeád na leapa an chuid ba mhó den am. Chuaigh a chéad óige go mór mór i gcion ar Stoker, rud a bhí le haithint ar a chuid saothair níos déanaí. Fuair sé biseach ón tinneas de réir a chéile, agus ina fhear fásta dó, bhí sé ina dhuine sách sláintiúil. Thosaigh sé an imirt sacair san ollscoil, agus rinne sé staidéar ar an stair, ar an litríocht agus ar an matamaitic. Tar éis tamaill, chuaigh sé sa státseirbhís, ach ní raibh mórán suime aige sa chineál sin oibre. Mar sin, chuaigh sé le hiriseoireacht agus fuair sé post ag an nuachtán The Evening Mail.

Sa bhliain 1878, phós Stoker Florence Balcome, cailín a bhí ina banchara ag Oscar Wilde roimhe sin. Chuaigh siad go Londain, agus thosaigh Stoker ag obair ina bhainisteoir ar an Lyceum Theatre, áit a raibh a chara Henry Irving ag aisteoireacht. Bhí an cairdeas seo an-tábhachtach d'Irving, agus chuidigh Irving leis aithne a fháil ar mhaithe agus ar mhóruaisle na príomhchathrach. Nuair a rugadh mac do Stoker agus a bhean sa bhliain 1879, bhaist siad Irving Noel Thornley Stoker air.

Bhí Stoker ag obair ina chúntóir phearsanta d'Irving, agus é ag tionlacan an aisteora timpeall an domhain. Bhí sé an-mhór le hIrving, agus é á adhradh, fiú. Barrúil go leor níor tháinig sé go hOirthear na hEorpa riamh, cé gurbh ansin a shuigh sé cuid d'imeachtaí an úrscéil is clúití dár chum sé. Ón taobh eile de, ar a chamchuairt dó in éineacht leis an aisteoir, fuair Stoker áiméar cuairt a thabhairt ar na Stáit Aontaithe, agus d'fháiltigh beirt Uachtarán, Theodore Roosevelt agus William McKinley, an t-aisteoir agus an cúntóir chucu sa Teach Bán. Bhí Stoker an-doirte do na Stáit Aontaithe, agus bhí laochra Meiriceánacha i gcuid de na húrscéalta a scríobh sé.

Chaith Stoker cuid mhaith ama freisin ina chónaí i Whitby in iarthuaisceart Shasana. Lonnaigh sé cuid mhór d'imeachtaí a úrscéil mhóir Dracula sa bhaile seo. Foilsíodh an leabhar sa bhliain 1897.

Fuair Bram Stoker bás i Londain sa bhliain 1912.

Saothair[athraigh | edit source]

Úrscéalta[athraigh | edit source]

Leaganacha go Gaeilge[athraigh | edit source]

  • 1997 Dracula - Eagrán do Dhéagóirí Gearrinsint a scríobh Emmet B. Arrigan. Is í a mháthair, Mary Arrigan, a rinne na léaráidí agus Gabriel Rosenstock a d’aistrigh go Gaeilge.
  • 1997 Dracula. Bram Stoker a scríobh. Seán Ó Cuirrín a chuir i nGaeilge. Ion Codrescu a mhaisigh. Maolmhaodhóg Ó Ruairc a chóirigh is a chuir in eagar. An Gúm, Baile Átha Cliath.

Gearrscéalta[athraigh | edit source]

  • Under the Sunset
    • Under the Sunset
    • The Rose Prince
    • The Invisible Giant
    • The Shadow Builder
    • How 7 Went Mad
    • Lies and Lilies
    • The Castle of the King
    • The Wondrous Child
  • Dracula's Guest (1914)
    • Dracula's Guest
    • The Judge's House
    • The Gipsy Prophecy
    • The Coming of Abel Behenna
    • The Burial of the Rats
    • A Dream of Red Hands
    • Crooken Sands
    • The Secret of the Growing Gold