Súlach gastrach
Cuma
Is éard atá i gceist le súlach gastrach[1] ná meascán substaintí a tháltar ag cealla is faireoga taobh istigh den ghoile. Bíonn aigéad hidreaclórach (ó chealla pairiatacha) ann, peipsinigin (ó phríomhchealla), múcas is fachtóir intreach (ó chealla múcasacha). Is féidir go gcuirfidh tál iomarcach aigéid hidreaclóraigh is peipsinigine tús le hothrais. Muna féidir dóthain fachtóra intrigh a thál, féadfaidh ainéime mharfach tarlú.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““súlach gastrach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-23.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Súlach gastrach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 634.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |