Éire sna Cluichí Oilimpeacha
Le breis is 100 bliain 35 bonn atá buaite ag lúthchleasaithe na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha agus ag cluichí Londan in 2012 is fearr a chruthaigh an fhoireann nuair a thugadar sé bhonn abhaile.[2]
2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí 133 lúthchleasaí ar fhoireann na hÉireann i bPáras sa bhliain 2024, an fhoireann is mó riamh as an tír a cuireadh chuig do na cluichí Oilimpeacha.[3] Bhí súil anonn le 25,000 lucht féachana as Éirinn ag an bhféasta spóirt, an Taoiseach ina measc.[4]
2020 (2021), Tóiceo
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuaigh foireann na hÉireann ceithre bhonn ag Cluichí Oilimpeacha 2020 i dTóiceo (in 2021), péire sa rámhaíocht agus péire sa dornálaíocht
2012, Londain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag cluichí Londan in 2012 is fearr a chruthaigh foireann na hÉireann nuair a thugadar sé bhonn abhaile.[2]
D’éirigh leis an siúlóir Rob Heffernan bonn cré-umha a fháil ag Cluichí Londan, ceithre bliana ina ndiaidh toisc gur baineadh an bonn óir den Rúiseach Sergey Kirdyapkin, de bharr tástáil drugaí.[5]
2004, 2008
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níor éirigh le haon lúthchleasaí as an tír seo bonn a thabhairt abhaile ó na cluichí Oilimpeacha in 2004 nó 2008.
2000, Sydney
[cuir in eagar | athraigh foinse]An reathaí Sonia O’Sullivan a thug an chreach léi in 2000 nuair a fuair sí bonn airgid sa rás 5000 méadar i Sydney sa mbliain 2000.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Katie-George Dunlevy & Eve McCrystal" (en-US). Paralympics. Dáta rochtana: 2024-07-28.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 "Éire ag súil le baisc bhonn as Páras" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-26). Dáta rochtana: 2024-07-28.
- ↑ "Ireland at the 2024 Summer Olympics" (as en) (2024-07-28). Wikipedia.
- ↑ "An Taoiseach i bPáras le Foireann Oilimpeach na tíre" (as ga) (2024-07-25).
- ↑ "Rob Heffernan savours Olympic bronze medal four years on" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-07-28.