Éire sna Cluichí Oilimpeacha



Le breis is 100 bliain, 1896 go dtí 2020, bhí 35 bonn buaite ag lúthchleasaithe na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha agus ag cluichí Londan in 2012 is fearr a chruthaigh an fhoireann nuair a thugadar sé bhonn abhaile.[2] Rinneadh éacht i bPáras 2024 agus seacht gcinn de bhoinn a bhuaigh Éire ag Cluichí Oilimpeacha 2024.[3]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]1956, Melbourne
Bhuaigh Ronnie Delany an bonn óir sa rás 1,500 méadar sna Cluichí Oilimpeacha in Melbourne na hAstráile sa bhliain 1956.
Bhuaigh lúthchleasaithe Éireannacha eile ceithre bhonn ag Cluichí sin Melbourne i 1956 agus go mba dath an óir a bheadh freisin ar cheann acu dá mbeadh ceart le fáil. Dornálaithe ab ea iad an ceathrar. Thug John Caldwell (cuilmheáchan) agus Freddie Gilroy (coileachmheáchan) as Béal Feirste boinn chré-umha leo agus rinne Tony ‘Socks’ Byrne (éadrom-mheáchan) as Bleá Cliath amhlaidh. Fear eile as an gcathair sin, Fred Tiedt, a thug an bonn airgid leis i dtroid i roinn an mharcmheáchain inar gaireadh Nicolae Linca as an Rómáin mar bhuaiteoir cé gur dhúirt go leor a chonaic an troid go mb’éagóir sin.[4]
1960-1996
Bhí fanacht beagnach dhá scór bliain eile ann sula dtáinig an chéad bhonn óir Oilimpeach go hÉirinn – Michael Carruth a rinne sin sa gcró dornálaíochta i Barcelona 1992.
2000, Sydney
An reathaí Sonia O’Sullivan a thug an chreach léi in 2000 nuair a fuair sí bonn airgid sa rás 5000 méadar i Sydney sa mbliain 2000.[2]
2004, 2008
Níor éirigh le haon lúthchleasaí as an tír seo bonn a thabhairt abhaile ó na cluichí Oilimpeacha in 2004 nó 2008.
2012, Londain
Ag cluichí Londan in 2012 is fearr a chruthaigh foireann na hÉireann nuair a thugadar sé bhonn abhaile.[2]
D’éirigh leis an siúlóir Rob Heffernan bonn cré-umha a fháil ag Cluichí Londan, ceithre bliana ina ndiaidh toisc gur baineadh an bonn óir den Rúiseach Sergey Kirdyapkin, de bharr tástáil drugaí.[5]
2020 (2021), Tóiceo
Bhuaigh foireann na hÉireann ceithre bhonn ag Cluichí Oilimpeacha 2020 i dTóiceo (in 2021), péire sa rámhaíocht agus péire sa dornálaíocht.
2024
Bhí 133 lúthchleasaí ar fhoireann na hÉireann i bPáras sa bhliain 2024, an fhoireann is mó riamh as an tír a cuireadh chuig do na cluichí Oilimpeacha.[6] Bhí súil anonn le 25,000 lucht féachana as Éirinn ag an bhféasta spóirt, an Taoiseach ina measc.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Katie-George Dunlevy & Eve McCrystal" (en-US). Paralympics. Dáta rochtana: 2024-07-28.
- 1 2 3 "Éire ag súil le baisc bhonn as Páras" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-26). Dáta rochtana: 2024-07-28.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (28 Lúnasa 2024). "Foireann na hÉireann ag súil le tuilleadh bonn a thabhairt abhaile as Páras agus tús á chur leis na Cluichí Parailimpeacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-16.
- ↑ Mártan Ó Ciardha (15 Márta 2026). "3 nóiméad, 41.2 soicind a bhí ar an gclog, nuair a thrasnaigh Ronnie Delaney an líne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-15.
- ↑ "Rob Heffernan savours Olympic bronze medal four years on" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-07-28.
- ↑ "Ireland at the 2024 Summer Olympics" (as en) (2024-07-28). Wikipedia.
- ↑ "An Taoiseach i bPáras le Foireann Oilimpeach na tíre" (as ga) (2024-07-25).