Zomba
Cuma
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stáit | an Mhaláiv | |||
| Region of Malawi (en) | Southern Region (en) | |||
| District of Malawi (en) | Zomba District (en) | |||
| Príomhchathair de | ||||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 101,140 (2008) | |||
| Tíreolaíocht | ||||
| Airde | 949 m | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cathair sa Mhaláiv is ea Zomba agus é suite i ndeisceart na tíre ag bun an ardchláir Zomba. Príomhchathair na hAfraice Briotanaí Láir a bhíodh ann agus ina dhiaidh sin príomhchathair na Niasalainne. D'fhan Zomba mar phríomhchathair na tíre i ndiaidh theacht an neamhspleáchais go dtí an bhliain 1974, nuair a rinneadh príomhchathair de Lilongwe. D'fhan parlaimint na tíre in Zomba go dtí an bhliain 1994. De réir meastacháin a rinneadh sa bhliain 2008, bhí cónaí ar 101,140 duine in Zomba.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
