Yin agus yang

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Coincheap Síneach gur féidir gach rud a mhíniú i dtéarmaí an dá phrionsabal chomhlántacha fhreasúracha. Léiríonn an yang parthas is fórsa dearfach fireann atá ionsaitheach spreagthach éadrom te tirim. Léiríonn an yin fórsa diúltach baineann atá fuar dorcha trom fliuch. Cuirtear an coincheap i bhfeidhm sa mhíochaine thraidisiúnta, codanna éagsúla na colainne ar thaobh amháin nó eile. Is mar an gcéanna é le daoine, bianna agus cleachtadh i ngach gné den saol, an stair féin ina measc.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Yin agus yang". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 708.