Xileafón
Cuma
Cineál | chime bar (en) |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 111.212 |
Gléas ceoil is ea an xileafón, sínte ar a thrasna, barraí caola air, faid éagsúla iontu, agus nótaí difriúla uathu nuair a bhuailtear le dhá chasúr bheaga iad.[1]
Cnaguirlis ceoil, ina bhfuil barraí céimnithe adhmaid nó miotail a bhuaileann an seinnteoir le tuairgnín beag.
In úsáid ón 14ú céad.
Ina fhoirm nua-aoiseach ceolfhoirne bíonn dhá rang de bharraí adhmaid, cóirithe cosúil le méarchlár pianó.
Bíonn athshonadóirí feadánacha ceangailte leis na barraí, agus buailtear iad seo le bataí crua adhmaid. Uaireanta tugtar mairimbe air.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "An Foclóir Beag: xileafón" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2022-02-10.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Xileafón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 707.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |