Xileafón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Uirlis CheoilXileafón
Cineálmallet percussion instrument (en) Aistrigh
Aicmiú Hornbostel-Sachs111.212

Gléas ceoil is ea an xileafón, sínte ar a thrasna, barraí caola air, faid éagsúla iontu, agus nótaí difriúla uathu nuair a bhuailtear le dhá chasúr bheaga iad.[1]

Cnaguirlis ceoil, ina bhfuil barraí céimnithe adhmaid nó miotail a bhuaileann an seinnteoir le tuairgnín beag.

In úsáid ón 14ú céad.

Ina fhoirm nua-aoiseach ceolfhoirne bíonn dhá rang de bharraí adhmaid, cóirithe cosúil le méarchlár pianó.

Bíonn athshonadóirí feadánacha ceangailte leis na barraí, agus buailtear iad seo le bataí crua adhmaid. Uaireanta tugtar mairimbe air.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Foclóir Beag: xileafón" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2022-02-10.
  2. Hussey, Matt (2011). "Xileafón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 707.