Xanthoria parietina
Cuma
| Tacsanomaíocht | |
|---|---|
| For-ríocht | Holomycota |
| Ríocht | Fungi |
| Fíleam | Ascomycota |
| Aicme | Lecanoromycetes |
| Ord | Teloschistales |
| Fine | Teloschistaceae |
| Géineas | Xanthoria |
| Speiceas | Xanthoria parietina Beltr., 1858 |
Is léicean duilliúil é Xanthoria parietina san fhine Teloschistaceae. Tá dáileadh leathan air, agus go leor ainmneacha coitianta ar nós léicean flannbhuí coiteann sa Ghaeilge. Is féidir é a fháil in aice leis an gcladach, ar charraigeacha nó ar bhallaí (mar sin an buafhocal parietina a chiallaíonn "ar bhallaí"), [1] agus freisin ar charraigeacha intíre, ballaí, nó coirt. [2] Roghnaíodh é mar shain-orgánach le haghaidh seicheamhú géanóm (arna phleanáil in 2006) ag an Joint Genome Institute (JGI) de chuid an US Department of Energy.



Tacsanomaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Carl Linnaeus síos go heolaíoch ar an speiceas den chéad uair i 1753, mar Lichen parietinus .
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Charlton T. Lewis, Charles Short, A Latin Dictionary, părĭĕtārĭus”. www.perseus.tufts.edu.
- ↑ Paul. “Xanthoria parietina”. British Lichen Society. Dáta rochtana: 4 August 2022.