William Heinesen
Jump to navigation
Jump to search
William Heinesen | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Tórshavn, Eanáir 15, 1900 |
Náisiúntacht | An Danmhairg |
Bás | Tórshavn, Márta 12, 1991 |
Oideachas | |
Teangacha | An Danmhairgis |
Gairm | |
Gairm | file, péintéir, aistritheoir, cumadóir, scríbhneoir agus scríbhneoir scripte scannáin |
Duais |
liosta iomláin Holberg Medal (1960)
Nordic Council's Literature Prize (1965) Danish Critics Prize for Literature (1980) Swedish Academy Nordic Prize (1987) |
Ainmníodh é/í le haghaidh |
liosta iomláin Duais Nobel sa Litríocht
(1962) |
IMDb | nm0374387 |
Scríbhneoir agus ealaíontóir Faróch a bhí in Andreas William Heinesen a saolaíodh ar an 15 Eanáir 1900 i dTórshavn (príomhchathair Oileáin Fharó) agus a shíothlaigh ar an 12 Márta 1991 san áit chéanna. Cé go raibh Faróis ó dhúchas aige, scríobh sé formhór mór a chuid leabhar as Danmhairgis, nó ní raibh mórán litríochta ar fáil as Faróis nuair a chuaigh sé ar scoil.
I dtús a réime bhí sé ina fhile, ach ba iad na húrscéalta agus na gearrscéalta a thabhaigh a chlú dó. Is é Tórshavn timpeallacht na n-imeachtaí ina chuid scríbhinní, ach san am chéanna, bíonn scéalta Heinesen ar maos le misteachas is le draíocht, agus is téama tábhachtach í streachailt an duine le fórsaí na farraige.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |