Wagh El-Birket

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilWagh El-Birket

Suíomh
Stát ceannasachan Éigipt
Gobharnóireacht na hÉigipteGobharnóireacht Chaireo
BaileCaireo Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Wagh El Birket (Araibis: وجه البركة “aghaidh na beannachta”) an ceantar siamsaíochta (nó ceantar na soilse dearga) i gCairo na hÉigipte sa chéad leath den 20ú haois.[1]

Sa 19ú haois, de réir mar a leathnaigh Cairo, d'fhás Wagh El Birket mar chrios teagmhála idir an limistéar saibhir timpeall loch Azbakeya agus lár na cathrach. Shín an tsráid ó Óstán Bristol go Cearnóg Clot Bey.[2]

In 1911, rinneadh cur síos ar an tsráid mar “the most unblushing in Cairo”.[2] Ar thaobh amháin bhí stuabhealach le caiféanna faoina bhun. Ar an taobh eile bhí tithe le balcóiní ar na hurláir uachtaracha. Thaispeánadh striapacha a bhí gléasta i ngúnaí tanaí iad féin ar na balcóiní. Ag bun na sráide i ngar do Clot Bey bhí an margadh éisc, ceantar a bhí an-suarach ar fad.[2]

Le linn an Dara Cogadh Domhanda, thugadh saighdiúirí “an Berka” ar an tsráid.[3] Bhunaigh na seirbhísí míleata drúthlanna ar an tsráid, a bhí faoi stiúir an Chóir Liachta.[4] Bunaíodh ionaid leighis sa cheantar freisin, chun cosc a chur ar scaipeadh galar gnéas-tarchurtha, agus rinne seirbhísí leighis an airm maoirseacht ar scrúduithe sláinte a rinne na húdaráis shibhialtacha ar striapacha.[5] Bhí comharthaí rabhaidh ag dhá cheann na sráide.[6]

Tar éis gur maraíodh beirt shaighdiúirí Astrálacha ar an tsráid, [3] dhún na húdaráis an Berka i mBealtaine 1942. Chuir cuid de na saighdiúirí an milleán ar an nGinearál Bernard Montgomery as an dúnadh, toisc go raibh cáil phiúratánach air.[5]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "The Battle of Alamein: Turning Point, World War II" (as en) (2002). Viking. 
  • "18 Battalion and Armoured Regiment" (as en) (1961). War History Branch, Department of Internal Affairs. 
  • "Napoleon to Nasser: The Story of Modern Egypt" (as en) (2002). 
  • "With Kitchener in Cairo" (as en) (1917). Cassell, Limited. 
  • "What a Lovely War: British Soldiers' Songs from the Boer War to the Present Day" (as en) (1990). M. Joseph. 
  • "Egypt" (as en) (2003). Rough Guides. 
  • "Oriental Cairo - The City of the Arabian Nights" (as en) (1911). Jazzybee Verlag. 
  • "War surgery and medicine" (as en) (1954). War History Branch, Dept. of Internal Affairs. 
  • ""Governance and Public Awareness" Dilemma in the Conservation of Heritage and Cultural Parks in Egypt" (27 Samhain 2018). Resourceedings 1 (2): 109. doi:10.21625/resourceedings.v1i2.327. 
  • "Anzac Fury: The Battle of Crete 1941" (as en) (2010). Random House Australia. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]