Scannán Síneach den seánra wuxia is ea Wò hǔ cáng lóng ("Tíogar ar a chromada, dragan i bhfolach") Is é Crouching Tiger, Hidden Dragon teideal an scannáin i mBéarla. Ang Lee stiúrthóir an scannáin agus Wang Hui-ling, James Schamus agus Tsai Kujung a scríobh. Tá an scéal bunaithe ar úrscéal de chuid Wang Dulu. Scaoileadh an scannán isteach sna pictiúrlanna sa bhliain 2000.
Tarlaíonn an scéal sa 18ú céad le linn réim an rítheaghlach Qing agus baineann sé le goideadh lann claímh cháiliúil ar a dtugtar Cinniúint Ghlas.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.