Virgin Orbit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaVirgin Orbit
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineállaunch service provider (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlícuideachta faoi dhliteanas teoranta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2 Márta 2017
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte22 Bealtaine 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
TáirgeLauncherOne (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Ceanncheathrú
Líon fostaithe390 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirVirgin Group
Aabar Investments (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinvirginorbit.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: virginorbit Twitter: Virgin_Orbit Instagram: virgin.orbit LinkedIn: 17982385 Youtube: UCpz2PZJHMLcK7rH_1oup7Sw Cuir in eagar ar Wikidata

Cuireann an Comhlacht aeraspás Virgin Orbit satailítí amach sa spás.[1] Bhunaigh Richard Branson Virgin Orbit sa bhliain 2017 agus is cuid den Virgin Group é; trádáiltear a scaireanna ar an stocmhalartán NASDAQ (cód VORB).

Cuireadh an comhlacht as gnó ar 4 Aibreán 2023 áfach, I dtús na bliana 2023, theip go tubaisteach ar an 6ú seoladh a bhí beartaithe acu, nuair a thuairt LauncherOne, an chéad roicéad a teilgeadh riamh as an mBreatain, i bhfarraige agus satailítí spiaireachta de chuid na Breataine agus na Stát Aontaithe ar bord aici.[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

2017 a bunaíodh Virgin Orbit, mar fho-chuideachta de Virgin Galactic, an gnó turasóireachta spáis atá ag Richard Branson. Bhí siad chun roicéid a theilgeadh ó íochtar soithíoch Boeing a bhí curtha in áirithe go speisialta le satailítí tráchtála a chaitheamh amach ag cúrsáil na cruinne.

Ar 17 Eanáir 2021, lainseáladh an roicéad LauncherOne agus cuireadh 10 'cubesat'.i bhfithis.

Tamall ina dhiaidh, thosaigh Virgin Orbit ag díol scaireanna. Ach ón tús, bhailigh an comhlacht $255 milliún níos lú ná mar a bhí súil leis. $3,000 milliún a bhí luaite leis na scaireanna ag an am (agus beagnach a náid i mí Aibreán 2023).[2]

In 2022, chláraigh an gnólacht luach $243 milliún sócmhainní agus luach $153 fiacha.

Ar 9 Eanáir 2023, theip ar Virgin Orbit roicéad a theilgeadh. D'éirigh Boeing 747, an 'Cosmic Girl',[3] ó Tewynblustri i gCorn na Breataine agus lainseáladh roicéad tamaill níos déanaí, ach theip ar an iarracht. Chinn an comhlacht maoiniú fad-tréimhseach a aimsiú, iarrachtaí gan toradh.

I mí Aibreán 2023, fógraíodh sa Chúirt Féimheachta i stát Delaware go raibh an comhlacht bancbhriste (cé gur i Long Beach i gCalifornia atá an chuideachta lonnaithe) agus féimheacht Chaibidil a 11 i Meiriceá á lorg acu. Bhí 85% den mheitheal 750 fostaí a bhí ag Virgin Orbit Holdings ligthe chun siúil.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2023-01-09). "Fógra faoi smionagar ó spásárthach amach ó chósta an iardheiscirt" (as gɑ-IE). 
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2023-04-04). "Teilgeoir roicéad Richard Branson bancbhriste" (as ga). 
  3. "Cosmic Girl (aircraft)" (as en) (2023-01-10). Wikipedia.