Vicipéid:Tuairisciú an phreasa/Míle alt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

NÓTA: Meastar gur scaoileadh gach rud a cuireadh ar an leathanach seo sa bhfearann poiblí. Tá sé seo riachtanach ionnas gur féidir le seirbhísí nuachta an eisiúnt seo a scaoileadh amach agus fiú alt a chumadh as, gan imní faoin gCeadúnas Saor-dhoiciméid GNU (GNU Free Documentation License) .


Sroichtear Cloch Mhíle Alt ag an Vicipéid Gaeilge[athraigh foinse]

D'eisigh an Fondúireacht Wikimedia ráiteas inniu gur cruthaíodh an miliú alt sa Vicipéid Gaeilge, a thionscadal le ciclipéid oscailte do chách, saor in aisce, Idirlíne (ga.Wikipedia.org). Cú Chulainn an téama a raibh ar an míliú alt sin. Is í an Vicipéid an chiclipéid ghinéarálta Gaeilge is mó atá ar fáil anois san Idirlíon, agus tá ailt inti a bhaineann le cúrsaí an-éagsúla, ó réaltbhuíon an Madra Móire, go hAnnraoi Ó Liatháin, go tábla peiriadach na ndúl.

Óna thús i mí Eanáir 2001, is í an Vicipéid ilteangach, mar a thugtar i nGaeilge air (Wikipedia as Béarla), an chiclipéid is mó agus ar mó fáis anois ar domhain, le hailt ar fáil in os cionn 100 teanga. Cuirtear 2,500 alt nua leis an Vicipéid chuile lá, agus cuirtear leas ar a deich oiread sin alt atá cheana féin ann. Tháinig borradh mór an an Vicipéid Gaeilge le déanaí agus cuireadh tús le tuairim is ceithre céad ailt nua sa mhí seo caite. Is cosúil go leanfaidh an Vicipéid ag fás agus ag leathnú le níos mó daoine ag cur leis gach lá.

Saghas suímh speisialta darb ainm vicí is ea an Vicipéid, ón focal wikiwiki, a chiallaíonn "tapaidh" i dteanga Haváí. Cumtar an Vicipéid go hiomlán ag deonaithe, a thugann isteach ailt, a thugann ar aghaidh agus a cheartaíonn iad, i bpróiséas comhoibreach. "The idea of sharing knowledge is powerful" (Is cumhachtach an smaoineamh é an t-eolas a roinnt) arsa Jimmy Wales, comhbhunaitheoir na Vicipéide agus ball bhord riartha na Fondúireachta Wikimedia, a stiúrann an tionscadal ar fad. "Imagine a world in which every person has free access to the sum of all human knowledge. That's what we're doing." (Samhlaigh domhain ina bhfuil gach duine ábalta gach píosaín eolais daonna a fháil ar aisce. Sin a bhfuilimid ag déanamh.)

Déantar riaradh ar phróiséas na Vicipéide tréna pholasaí oifigiúil de dhearcadh neodrach, a chuireann de gheasa ar scríbhneoirí iarracht a dhéanamh fanacht ó chlaontas agus iad i mbun saothair. Is féidir fiú ailt a chlúdaíonn ábhair conspóideacha a chur ar bun ag baint feidhme as an bpróiséas seo. Cuireann scríbhneoirí le leasaithe a chéile, agus cuirtear i gceart eagarthóireacht lochtach go gasta. "Everything is peer-reviewed in real time" (Bíonn meastúchán ónár gcomhoibreoirí ar gach ní i bhfíor-am), arsa Wales.

Chomh maith leis an Vicipéid, tacaíonn an Fondúireacht Wikimedia, nach dtógann sochar (wikimediafoundation.org), roinnt tionscadail gaolmhara ilteangach - mar shampla, Wiktionary (foclóir agus stórchiste fhocal ag wiktionary.org) agus Wikiquote (cnuasach shleachta clúitiúla ag wikiquote.org). Tá eagráin Gaeilge á leagan amach do roinnt tionscadal eile i láthair na huaire.

Lena phobal díograsach deonaithe idirnáisiúnta ilteangach, tá aitheantas bainte amach ag an Vicipéid mar shuíomh gréasáin le cur agus cúiteamh i measc an phobail. As seo, bhuaigh an Vicipéid dhá dhuais idirnáisiúnta i 2004, an Prix Ars Electronica le haghaidh "Pobail Digiteacha" agus Webby Award le haghaidh "an Pobal is Fearr."

Feidhmíonn an Vicipéid ar bhogearraí vicí ar a dtugtar MediaWiki, a ligeann do dhuine ar bith leathanach a chur in eagar am ar bith, agus a chuid athraithe a bheith le feiceáil laíthreach. Is féidir le cuairteoirí scrúdú a dhéanamh ar leagain níos luaithe chun feiscint conas a tháinig alt ar aghaidh. Foilsítear gach téacs Vicipéide faoi théarmaí an Cheadúnais Shaor-Dhoiciméid GNU (GFDL), a ligeann do scríbhneoirí cur le agus athraithe a dhéanamh ar obair a chéile de réir prionsabail ar a dtugtar "copyleft" (nó "cóipneart"). Tugann sé seo le fios go dtugann an ceadúnas cead do thríú phártaithe athúsáid a bhaint as ailt Vicipéide, chomh fada agus a thugann siad an ceart sin do dhaoine eile ina ndiaidh. Tá bogearraí saincheaptha na Vicipéide, MediaWiki, ar fáil faoi sórt ceadúnais cosúil leis a dearadh do bhogearraí.

Le breis eolais[athraigh foinse]

Le haghaidh ceisteanna agus agallaimh, déan teagmháil le:

Jimmy Wales, Cathaoirleach, An Bord Riartha, Fondúireacht Wikimedia (as Béarla amháin)
Guthán: (+1)-727-644-3565
R-phost: jwales@wikimedia.org

Angela Beesley, Rúnaí Feidhmeannach, Board of Trustees, Fondúireacht Wikimedia (as Béarla amháin)
Guthán: (+44)-208-816-7308
R-phost: abeesley@wikimedia.org

Gabriel Beecham, Ionadaí, Vicipéid Gaeilge
R-phost: gabriel_beecham@yahoo.co.uk

Liam Upton, Ionadaí, Vicipéid Gaeilge
R-phosrt: ro_upton@yahoo.ie

Le tuilleadh eolais ar an gcúlra, buail ar na naisc thíos: