Vicipéid:Tuairisciú an phreasa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Afrikaans | ??????? (Arabic) | ????????? (Bulgarian) | Català (Catalan) | Ceská (Czech) | Dansk (Danish) | Deutsch (German) | English (US) | (int'l) | Esperanto | Español (Spanish) | Français (French) | ????? (Hebrew) | ?????? (Hindi) | Bahasa Indonesia (Indonesian) | Íslenska (Icelandic) | Italiano (Italian) | ??? (Japanese) | ??? (Korean) | Lëtzebuergesch (Luxembourgish) | Nederlands (Dutch) | Norsk (Norwegian) | Polska (Polish) | Português (Portuguese) | Româna (Romanian) | ??????? (Russian) | Slovenšcina (Slovenian) | Svenska (Swedish) | Ti?ng Vi?t (Vietnamese) | ??(?) (Chinese, simp) | ??(?) (Chinese, trad) | (edit this list)

Ullamh le scaoileadh amach 20 Meán Fómhair 2004[athraigh vicithéacs]

NÓTA: Meastar gur scaoileadh gach rud a cuireadh ar an leathanach seo sa bhfearannas poiblí. Tá sé seo riachtanach ionnas gur féidir le seirbhísí nuachta an eisiúnt seo a scaoileadh amach agus fiú alt a chumadh as, gan imní faoin gCeadúnas Cáipeasach Saor GNU (CCS-GNU) .


Féach freisin: How to distribute a press release.

To translate this release, see Translation requests/PR-1mil.


Glan gach ní os cionn an líne thíos sula scaptar an ráiteas nuachta.----


Sroicheann an Wikipedia/Vicipéid Miliún Alt[athraigh vicithéacs]

20 Meán Fómhair, 2004 (Tampa, Florida):

D'eisigh Fundúracht Wikipedia ráiteas inniu gur cruthaíodh an 'miliúnú alt sa Wikipedia, a thionscadal le ciclipéid oscailte do chách, saor in aisce, Idirlíne (Wikipedia.org). Óna thús i mí Eanáir 2001, is í an Vicipéid, mar a thugtar i nGaeilge air, an chiclipéid is mó agus ar mó fáis anois ar domhain, le hailt ar fáil in os cionn 100 teanga. Cuirtear 2,500 alt nua leis an Vicipéid chuile lá, agus cuirtear leas ar a deich oiread sin alt atá cheana féin ann.

Cumtar an Vicipéid go hiomlán ag deonaithe, a thugann isteach ailt, a thugann ar aghaidh agus a cheartaíonn iad, i bpróiséas comhoibreach. "Is cumhachtach an smaoineamh é an eolas a roinnt (The idea of sharing knowledge is powerful)" arsa Jimmy Wales, bunaitheoir na Vicipéide.

Déantar riaradh ar phróiséas na Vicipéide tréna pholasaí oifigiúil de dhearcadh neodrach (NPOV), a chuireann de gheasa ar scríbhneoirí iarracht a dhéanamh fanacht ó chlaontas agus iad i mbun saothair. Is féidir fiú ailt a chlúdaíonn ábhair conspóideacha a chur ar bun ag baint feidhme as an bpróiséas seo. Cuireann scríbhneoirí le leasaithe a chéile, agus cuirtear i gceart eagarthóireacht lochtach go gasta. "Bíonn meastúchán ónár gcomhoibreoirí ar gach ní i bhfíor-am," arsa Wales.

Tá an Vicipéid anois imeasc na 10 suíomh tagairte is mó úsáide ar an Idirlíon, de réir Alexa.com. Úsáideann mic léinn, iriseoirí, agus taighdeoirí é níos mó de réir an lae. Deineadh cíteáil ar an Vicipéid na mílte uair i réimse mór cáipéisí agus foilseacháin, ina measc tuairiscí nuachta, leabhair, staidéar acadúil, agus fiú cáipéisí dleathacha san áireamh.

Lena phobal díograsach deonaithe, tá aitheantas bainte amach ag an Vicipéid mar shuíomh gréasáin le cur agus cúiteamh imeasc an phobail. As seo, bhuaigh an Vicipéid dhá dhuais idirnáisiúnta i 2004, an Prix Ars Electronica le haghaidh "Pobail Digiteacha" agus Webby Award le haghaidh "an Pobal is Fearr."

Feidhmíonn an Vicipéid ar bhogearraí vici ar a dtugtar MediaWiki, nó ViciMeáin as Gaeilge, a ligeann do dhuine ar bith leathanach a chur in eagar am ar bith, agus a chuid athraithe a bheith le feiceáil laíthreach. (Tá an brí 'tapaidh' ag vici nó wiki i dteanga Hawai'i). Is féidir le cuairteoirí scrúdú a dhéanamh ar leagain níos luaithe chun feiscint conas a tháinig alt ar aghaidh.

Ina theannta sin, tá leagain seasta den Vicipéid á n-ullmhú le scaoileadh amach ar dhlúthdhiosca nó ar DVD. Beidh leagan Gearmánaise ar fáil go gairid, le scaoileadh amach ag Directmedia Publishing. Tá an Vicipéid ag obair ar eagrán DVD dátheangach Fraincis/Béarla den ciclipéid, i gcomhoibreachas le Mandrakesoft, foilsitheoir an Mandrakelinux OS, a bheidh le fáil go gairid iniata leis an dtabhairt amach.

Foilsítear gach téacs Vicipéide faoi théarmaí an Cheadúnais Cháipéasach Saor GNU (GFDL), a ligeann do scríbhneoirí cur le agus athraithe a dhéanamh ar obair a chéile de réir prionsabail ar a dtugtar "copyleft." Tugann sé seo le fios go dtugann an ceadúnas cead do thríú phártaithe athúsáid a bhaint as ailt Vicipéide, chomh fada agus a thugann siad an ceart sin do dhaoine eile ina ndiaidh. Tá bogearraí ViciMeáin (MediaWiki) ar fáil faoi sórt ceadúnais cosúil leis a dearadh do bhogearraí.

Tá an Vicipéid níos ilteangaí de réir a chéile; sa bhliain atá caite, tháinig an chuid is mó dá cuid fás i dteangacha seachas Béarla. As líon os cionn 100 teanga, tá os cionn 10,000 alt ag 14 (English: 348,000, Gearmánais: 141,000, Seapánais: 72,000, Fraincis: 52,000, Sualannais: 40,000, Polannais: 38,000, Ollannais: 35,000, Spáinis: 29,000, Iodálais: 24,000, Danmhairgis: 20,000, Portaingéilis: 16,000, Esperantó: 15,000, Sínis: 13,000, agus Eabhrais: 10,000).

Chomh maith leis an Vicipéid, tacaíonn an Fundúracht Wikimedia, nach dtógann sochar, (wikimediafoundation.org) roinnt tionscadail gaolmhara ilteangach, mar Wiktionary (Vicifhoclóir as Gaeilge) (foclóir agus tesáras ag wiktionary.org), Wikiquote (Vicishleachta as Gaeilge) (cnuasach shleachta clúitiúla ag wikiquote.org), Wikibooks (Vicileabhair as Gaeilge) (cnuasach lámhleabhair agus téacsanna ag wikibooks.org), agus Wikisource (Vicifhoinse as Gaeilge) (cnuasach cáipéis sa bhfearannas poiblí ag wikisource.org). Foilsítear na tionscadail seo go léir faoin gceadúnas céanna agus gluaiseann siad ar bhogearraí ViciMeáin. Le tacaíocht a thabhairt dos na tionscadail seo, d'éirigh leis an bhFundúracht os cionn US$100,000 (£55,000 or €80,000) a thabhairt isteach ó bunaíodh é, agus tá sé ag cur feachtais le airgead a bhailiú ar bun ó mhí Mheán Fómhair 20 go Deireadh Fómhair 3 leis an gcuspóir $50,000 sa bhreis a chur le chéile. Tá breis eolais ar fáil agus is féidir síntiúis a thabhairt ag http://wikimediafoundation.org/wiki/Fundraising.

Agus athraithe á ndéanamh chuile nóiméad de chuile lá, ní féidir a rá cá mbeidh an Vicipéid agus a comh-thionscadail i gceann bliana. Ach tá ráta fáis na Vicipéide ag leanúint le cupla mí anuas, agus má leanann seo ar aghaidh, d'fhéadfadh an Vicipéid dúbailt arís faoin earrach seo chugainn.

Le breis eolais[athraigh vicithéacs]

Le haghaidh ceisteanna agus agallaimh, déan teagmháil (as Béarla amháin) le:

Jimmy Wales, Chair, Board of Trustees, Wikimedia Foundation
Guthán: (+1)-727-644-3565
E-phost: jwales@wikimedia.org

Angela Beesley, Executive Secretary, Board of Trustees, Wikimedia Foundation
Guthán: (+44)-208-816-7308
E-phost: abeesley@wikimedia.org

Le tuilleadh eolais ar an gcúlra, buail ar na naisc thíos: