Vicipéid:Halla baile/10,000
Tá an líon alt sa Vicipéid ag druidim le 10,000 (le 61,238 alt againn go dtí seo). Shroicheamar 9,000 alt i mí Dheireadh Fómhair.
Is seans mór é seo an Vicipéid a chur chun cinn, agus is de bharr sin gur chóir plé a dhéanamh faoi cad a bheidh sa 10,000ú alt. Chruthaigh mé an t-alt seo chun an phlé a oscailt maidir le gach rud a bhaineann leis. --Footyfanatic3000 22:34, 11 Mí na Nollag 2009 (UTC)
Moltaí don leathanach
[athraigh foinse]Dána agus dearthóireacht radharcach (Tá an nasc dearg seo ar crochadh thart ar an phríomhleathanach i gcónaí!) SeoMac 02:28, 12 Mí na Nollag 2009 (UTC)
- Smaoineamh maith! Tá sé sa phríomhleathanach freisin. --Footyfanatic3000 19:54, 12 Mí na Nollag 2009 (UTC)
Tá droch-Ghaeilge in ailt áirithe. Ba chóir féachaint chuige go mbeidh caighdeán maith san alt seo. Dar liom ba chóir iarraidh ar úsáideoir(í) a bhfuil Gaeilge mhaith aige féachaint chuige go bhfuil caighdeán maith ann nuair a bheidh sé críochnaithe. An t-úsáideoir Panu nó duine éicint eile mar sin.
Chomh maith leis seo, ba chóir féachaint chuige go mbeidh ábhar réasúnta suimiúil i gceist. Mangaire
- Bhí an smaoineamh céanna agam, agus gan dabht níl mo chruinneas go hiontach de bharr nach Gaeilgeoir dúchasach mé.
P.S. Go raibh maith agat, a Mhangaire, as ucht mo bhotúin a cheartú arís. --Footyfanatic3000 23:34, 16 Mí na Nollag 2009 (UTC)- Ná habair é! Mangaire
- Réiteach iomchuí ná an 'onóir' a ofráil do Phanu. Lig dó a rogha ailt a scríobh!Éóg1916 17:10, 17 Mí na Nollag 2009 (UTC)
- Aontaím leat, a hÉóg1916. Má tá sé sásta an alt a scríobh, lig dó! Tá Gaeilge iontach aige --Footyfanatic3000 18:19, 17 Mí na Nollag 2009 (UTC)
- Bheinn sásta dá mbeadh duine mar sin sásta an t-alt a scríobh. Ní gá alt fada a scríobh, ach ba chóir go mbeadh caighdeán maith ann. Mangaire
- Aontaím leat, a hÉóg1916. Má tá sé sásta an alt a scríobh, lig dó! Tá Gaeilge iontach aige --Footyfanatic3000 18:19, 17 Mí na Nollag 2009 (UTC)
- Maidir leis an ábhar, nach mba mhaith an rud é aistriúchán simplí ar alt Béarla, focal ar fhocal, a sheachaint don alt seo? Mar shampla, d'fhéadfaí iarraidh ar Phanu (dá mbeadh sé sásta an t-alt a chruthú) scríobh faoi cheantar Gaeltachta, ábhar Fionlannach nó rud éicint mar sin, le heolas breise, seachas aistriúchán simplí. Mangaire
- Aontaím leat arís. Ní dhéanfar aistriúchán focal ar fhocal don alt seo, b'fhéidir. --Footyfanatic3000 19:08, 20 Mí na Nollag 2009 (UTC)
- Táim tar éis http://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Pl%C3%A9_%C3%BAs%C3%A1ideora:Panu_Petteri_H%C3%B6glund&curid=4705&diff=313121&oldid=305174 a scríobh. Tá súil agam go mbeidh sibh sásta leisMangaire Agus http://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Pl%C3%A9_%C3%BAs%C3%A1ideora%3APanu_Petteri_H%C3%B6glund&action=historysubmit&diff=313133&oldid=313121
- Caithfidh mé aontú, is smaoineamh iontach é seo, Ar roghnaigh sibh ábhar an alt? Agus an bhfuil sibh ag smaoineamh faoi preaseisiúint a déanamh freisin? Cliste 23:10, 22 Mí na Nollag 2009 (UTC)
- Tá Panu tar éis Ivan Bunin, scríbhneoir Rúiseach a roghnú mar an ábhar. Tá obair ag dul ar aghaidh ag Vicipéid:Halla baile/10,000/Alt. Maidir le preaseisiúint, níl aon phlé déanta fós. --Footyfanatic3000 23:56, 22 Mí na Nollag 2009 (UTC)
- Caithfidh mé aontú, is smaoineamh iontach é seo, Ar roghnaigh sibh ábhar an alt? Agus an bhfuil sibh ag smaoineamh faoi preaseisiúint a déanamh freisin? Cliste 23:10, 22 Mí na Nollag 2009 (UTC)
Préas Ráiteas?
[athraigh foinse]Ceapaim go bhfuil sé seo deis an Vicipéid a chur chun cinn (Tá neart alt ag Nós Mag mar shampla faoi teicneolaíocht as Gaeilge). Cad a ceapann sibh? Thosaigh mé píosa fíor bheag ar Plé_Vicipéide:Tuairisciú_an_phreasa, ach mura ceapann sibh gur fiú é ní tharloídh sé! Cliste 00:10, 19 Eanáir 2010 (UTC)
Naisc
[athraigh foinse]- 25,000 alt ar cy.wikipedia http://cy.wikipedia.org/wiki/Wicipedia:Y_Caffi/25,000_erthygl i mBreatanis nó aistriúchán Béarla nach bhfuil thar mholadh beirte http://translate.google.com/translate?js=y&prev=_t&hl=ga&ie=UTF-8&layout=1&eotf=1&u=http%3A%2F%2Fcy.wikipedia.org%2Fwiki%2FWicipedia%3AY_Caffi%2F25%2C000_erthygl&sl=cy&tl=en
- Celtic League Wikipedia Project http://www.celticleague.net/wiki.html
Is dócha go mbeadh an leathanach seo (Vicipéid:Halla baile/10,000/Alt) óiriúnach don alt? Mangaire
Alt do www.beo.ie
[athraigh foinse]A chairde, sheol mé an ríomhphost seo chuig www.beo.ie, "A chairde,
Tá 10,000 alt ag an Vicipéid Ghaeilge anois.
Alt 10,000 (a "foilsíodh" inniu): http://ga.wikipedia.org/wiki/Ivan_Bunin
N'fheadar an mbeadh suim ar bith agaibh sna himeachtaí seo mar ábhar scéil?
Le meas, "
Seo an freagra
"Bail ó Dhia ort a Thaidhg.
Go raibh maith agat as an scéala. Is mór is fiú an iarracht sin. Níor mhiste dream eile Gaeilgeoirí a mhealladh isteach i mbun oibre ann.
Ba spéis linn 800-900 focal air, agus a bheith ar caighdeán sách ard.
Le gach dea-ghuí,"
Poiblíocht mhaith a bheadh ann don Vicipéid, is dócha. An mbeadh éinne sásta an t-alt a scróbh a bheadh in ann féachaint chuige go mbeadh an "caighdeán ard" seo ann?