Vi Hart
(2012) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (en) Victoria Hart 1988 37/38 bliana d'aois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Stony Brook |
| Céim acadúil | Máistir sa Cheol |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | matamaiticeoir, cruthaitheoir YouTube, cumadóir, léiritheoir teilifíse |
| Fostóir | Khan Academy |
| Ball de | |
| Teangacha | Béarla |
| Teaghlach | |
| Athair | George Hart |
| Suíomh gréasáin | vihart.com |
Is “recreational mathemusician” (matamaiticeoltóir fóillíochta) í Victoria Hart, nó Vi Hart.[1] Tá cáil ar a cuid físeán matamaitice ar YouTube agus tá níos mó ná 1,200,000 síntiúsóir aici.[2]
Is iníon le George W. Hart í, "dealbhóir matamaiticiúil". Rinne sí céim sa cheol in Ollscoil Stony Brook, Nua-Eabhrac. Fad is í ag cruthú físeáin matamaitice, rinne sí comhscríobh ar roinnt páipéar matamaitice ar an ngeoiméadracht ríomhaireachtúil agus ar an matamaitic a bhaineann le filleadh páipéir.[3]
Fuair Vi Hart tacaíocht ó Khan Academy agus rinne sí físeáin oideachasúla ar an suíomh mar “resident mathemusician” (matamaiticeoltóir cónaitheach).[4] Faoi láthair, oibríonn sí don grúpa taighde eleVR ag cruthú físeáin réaltachta fíorúla in éineacht le Andrea Hawksley agus Emily Eifler.[5] D’oibrigh sí ar chluichí ríomhaire oideachasúla, mar shampla The Parable of the Polygons le Nicky Case.[6]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Kenneth Chang, 'Bending and Stretching Classroom Lessons to Make Math Inspire', New York Times. (As Béarla)
- ↑ Cainéal YouTube
- ↑ Liosta foilseachán
- ↑ Leathanach Khan Academy
- ↑ "eleVR". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-05-02. Dáta rochtana: 2016-04-26.
- ↑ The Parable of the Polygons