Veturliði Óskarsson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVeturliði Óskarsson
Beathaisnéis
Breith25 Márta 1958
66 bliana d'aois
Borgarnes, An Íoslainn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Uppsala
Ollscoil Chóbanhávan Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Uppsala Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Íoslainnis

Is teangeolaí agus múinteoir Íoslannach é Veturliði Óskarsson. Rugadh ar an 25 Márta 1958 i Borgarnes é. D'freastail sé ar ardscoil Menntaskólinn í Reykjavík i Réicivíc, i ngar do Borgarnes. Chuaigh sé chuig Ollscoil na hÍoslainne, áit a ndearna sé taighde ar an Íoslainnis, ar litríocht na hÍoslainne, agus ar an teangeolaíocht, go dtí 1985. Ó 1987 go 1992 rinne sé taighde ar an Lochlainnis in Ollscoil Chóbanhávan, agus idir 1987 agus 1990 bhí sé ina chúntóir ar Fhoclóir Phrós na Sean-Lochlainnise (Ordbog over det norrøne prosasprog). In 1992–1993, d’oibrigh sé leis an stáisiún teilifíse Íslenska útvarpsfélagið mar chomhairleoir teanga chun íonacht na hÍoslainnise a chosaint. In 1995 agus 1996 bhí sé i gceannas ar roinn aistriúcháin an stáisiúin. Ó 1997 go 2002, bhí sé ina léachtóir in Ollscoil Uppsala, áit ar bronnadh céim dhochtúireachta air in 2001 le tráchtas dar teideal Middelnedertyske låneord i islandsk diplomsprog frem til år 1500 (Focail iasachta Meán-Ghearmáinise Íochtaraí san Íoslainnis go dtí an bhliain 1500). Tá sé ag obair in Ollscoil Uppsala anois.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Veturliði Óskarsson". Dáta rochtana: 2024-03-19.